La Piel Que Habito

Tá aithne idirnáisiúnta ar an stiúrthóir Spáinneach Pedro Almódovar as scannáin atá cineál éagsúil agus ar an imeall a dhéanamh agus níl aon amhras ann go bhfuil an saothar is déanaí seo uaidh ag cloí leis an nós sin.

Mar an gcéanna le cuid mhór eisiúintí eile dá chuid, tá sé deacair La Piel Que Habito (An Craiceann ina bhFuilim) – a bheas le taispeáint anseo in Éirinn ón lá inniu faoin teideal The Skin I Live In – a mhíniú gan mórán eolais atá riachtanach don scéal a thabhairt ar shiúl ag an am céanna.

Seo an chéad iarracht ag Almódovar dul isteach i réimse an uafáis agus cé nach mbeidh an lucht féachana ag screadaíl os ard go minic mothóidh siad an-mhíchompordach lena linn tríd.

Díríonn an plota ar iar-mháinlia plaisteach (Antonio Banderas) a d’éirigh as a phost chun dul i mbun taighde tar éis gur dódh a bhean chéile go holc i dtimpiste gluaisteáin.

Ba mhian leis craiceann sintéiseach a chruthú atá in ann cur suas le droch-thaismí agus is í a mhuc ghuine don obair seo ná bean óg álainn Vera (Elena Anaya) a gcoinníonn sé faoi ghlas í ina theach mór iargúlta.

Cuirfidh an scéal, a bhfuil mothúchán láidir gnéis le brath ann, isteach ar dhaoine ach cuirfidh sé go leor ceisteanna orthu fosta.

Is scannán aisteach é gan aon agó ach tá draíocht an stiúrthóra le feiceáil ann agus tá sé dodhéanta na himeachtaí a thuar, rud a choinneoidh greim ar bhreathnóirí go dtí an deireadh.

Má tá rud éigin uait a spreagann smaointeoireacht agus a thugann éalú ó mhór-scannáin Hollywood an tsamhraidh, seo duit.