Léiriú cruinn beacht ar Bhaile Átha Cliath sa scannán iontach seo

Bhí mé amuigh le mo mhadraí agus le mo dheartháir céile an tseachtain seo caite (ar son a phríobháideachais, tabharfaimid Ewan McGregor air as seo amach) agus, mar is iondúil i gcomhráite liomsa, thosaigh muid ag caint faoi scannáin. Labhair muid faoi na scannáin leadránacha atá feicthe agam le cúpla seachtain anuas, scannáin atá mé ag iarraidh a fheiceáil agus ansin, ar fháth éigin, thosaigh muid ag caint faoi Trainspotting. 

Dúirt Ewan McGregor go bhfaca sé Trainspotting 2 agus go raibh díomá mór air nach raibh sé leath chomh maith céanna leis an gcéad cheann agus, dar le Ewan, nach rabhthas ag súil go mbeadh, ar aon nós mar gur scannán é Trainspotting a raibh tionchar aige ar ghlúin agus nach bhféadfaí an draíocht sin a chruthú athuair. Dúirt mise ansin le Ewan McGregor go bhféadfadh Dublin Oldschool an tionchar sin a bheith aige ar ghlúin iomlán eile ar an mbealach ceannann céanna.

Bhí mé ag súil go mbeadh an scannán seo iontach, agus ar bhealach éigin tá sé níos fearr fós ná mar a bhí mé ag súil fiú. Níl aon scannán feicthe agam cheana a léiríonn mí-úsáid drugaí chomh maith agus chomh cruinn le Dublin Oldschool, tá radhairc ann a d’airigh mé ar nós go raibh mé féin tar éis MDMA a thógáil agus mé ag breathnú orthu, agus níl a fhios agam cén chaoi a ndearna an stiúrthóir David Tynan é.

Insítear ann scéal Jason, DJ atá gafa i saol na ndrugaí i mBaile Átha Cliath, agus a dheartháir Danny a tháinig ar ais ó Londain agus atá anois gan dídean agus é ag déanamh iarracht an hearóin a chaitheamh in aer. Bogann an scéal ó radharc go radharc le luas aisteach agus i rithim leis an gceol bríomhar teicneo a scríobh Gareth Averill go sonrach don scannán. Fiú amháin sna radhairc chiúine, tá sé mar a bheadh i gcodanna ciúine in amhrán sula n-ardaíonn an ceol arís agus tosaíonn an scannán ag bogadh ar luas lasrach athuair. 

Tá an aisteoireacht ar fad thar cionn, agus tá sé iontach Emmet Kirwan, aisteoir Éireannach atá mé a leanúint le blianta, a fheiceáil ar an scáileán mór. Tá sé mealltach agus déistineach ag an am céanna, an-chosúil leis an bhfíor-Ewan McGregor nuair a bhí sé óg. Tá moladh speisialta ag dul freisin do Sarah Greene atá i bpáirt Lisa agus go háirithe Liam Heslin atá i bpáirt Dave the Rave, ceann de na carachtair is fearr atá feicthe agam in aon scannán riamh.  

Chaith mise ceithre bliana i mBaile Átha Cliath, agus níl an chathair feicthe ar an scáileán mór chomh cruinn ná chomh beacht le seo riamh. Tá greann, anam agus croí Bhaile Átha Cliath i chuile carachtar, ach ní cheiltear ann an chontúirt agus an dorchadas atá sa gcathair chomh maith. 

Dá mbeadh aon chlamhsán agam, déarfainn go raibh an scéal beagán ró-éasca le tuar ngar don deireadh, ach tá na carachtair chomh mealltach sin agus na caidrimh idir na carachtair chomh réalaíoch sin, go bhfuil sé éasca é sin a mhaitheamh. Tá an scannán seo iontach, ach le do thoil téigh agus breathnaigh air, mar teastaíonn níos mó scannáin mar seo ón tír seo.

Ná téigh ag breathnú ar Jurassic World 2, fan go dtiocfaidh Ocean’s 8 amach ar Netflix, agus le briseadh a thógáil ón teas aisteach seo, téigh chuig an pictiúrlann agus breathnaigh ar Dublin Oldschool.

SCÉALTA EILE