★ ★ ★ ★
Tá gliondar orm a rá nár chuir an chéad chuairt pictiúrlainne i mbliana díomá orm a chairde. Grán rósta milis agus sluisí measctha i mo ghlaic agam, bhí sceitimíní orm féachaint ar A Real Pain. Jesse Eisenberg, ó scannáin amhail The Social Network (2010) agus 30 Minutes Or Less (2011; scannán measta faoina luach atá ann), a stiúir an scannán agus a ghlac ról an phríomhcharachtair. Tá Kieran Culkin ann fosta, té a aithnítear as an pháirt shuntasach a bhí aige mar Roman Roy in Succession (2018) ar HBO.
Thug me faoi deara agus mé ag ceannach mo thicéid gur mar scannán grinn a fógraíodh é ar líne. Cosúil le carachtar Culkin in Succession áfach, tá dinimic agus tréithe pearsa níos casta mar bhonn ag an ghreann leathdháiríre atá sa scannán seo.
Leanann an scannán beirt chol ceathracha, David Kaplan (Eisenberg) agus Benji Kaplan (Culkin), ar thuras ó Meiriceá go dtí a dtír shinseartha de thairbhe ghuí a seanmháthar a bhásaigh le déanaí. Is fear céile é David a oibríonn i ngort na fógraíochta idirlín agus a bhfuil iníon aige; tá Benji dífhostaithe agus ina chónaí in íoslach a mháthar. Téann an bheirt ar eitleán chun bualadh le treoraí turais agus grúpa turasóirí eile i Vársá na Polainne.
Tá roinnt eispéiris éagsúla ag na turasóirí eile ach tá rud amháin i gcoiteann acu ar fad: an Giúdachas. Thaisteal achan duine chun na Polainne le foghlaim faoi chinedhíothú na nGiúdach le linn an Uileloiscthe. Tá ról déach ag an treoraí agus grúpa mar chiúta scéil i bhforbairt an chaidrimh idir David agus Benji, agus mar shíneadh ar an lucht féachana féin. Sa mhéid seo, mothaíonn muid go bhfuil muid mar chuid de na bomaití sin lán le teannas.
Is minic go leor na bomaití sin sa ‘scannán grinn’ seo. Is íorónta é go n-oibríonn David ar aird a tharraing ar rudaí eile nach é féin iad, agus go mbíonn Benji ag tarraingt airde air féin go nádúrtha i ngach áit a dtéann siad. Cibé ainm ba mhian leat a thabhairt air; indírithe/eisdíritheach, tíopa A/tíopa B, alfa/sigme, francach/frog. Is inbhéartach a chéile an bheirt acu. Zigeann David, zagann David. Agus téann Benji thar fóir.
Ní gá duit a bheith i do dhochtúir le tomhas a dhéanamh go léiríonn iompar Benji comharthaí de neamhord dépholach. Bíonn sé ar buile i dteannta tréimhse bheaguchtach ach coinníonn guagacht i dtólamh. Is minic a dhéanann sé machnamh ar an dlúthchaidreamh a bhí aige lena sheanmháthair agus cé chomh spraíúil agus a bhí a chol ceathrair fadó.
Ar an traein ó Vársá go Lublin (tá cuma álainn ar an áit seo dála an scéil), imíonn Benji ón charráiste ar nós na gaoithe. Chuir sé fearg an domhain air go raibh siad sa chéad ghrád ar an traein in ainneoin na milliún Giúdach cúpla glúin ó shin a bhí ar thraenacha go dtí na campaí géibhinn i ndálaí uafásacha. Tugann duine ón ghrúpa faoi deara go bhfuil Benji cráite leis féin.
Tá cuid mhór péine á hiompar ar a ghuaillí ag Benji, pian dá chuid féin agus pian daoine eile, fiú muna maireann siad. Tá David den tuairim go gcaithfidh muid ár gcroise féin a iompar le stóchas agus bíonn frustrachas air i leith an chlaonta atá ag Benji ualach a fhadhbanna a chur ar dhaoine eile. Úsáidtear na cosa mar mhóitíf sa scannán le héifeacht chaolchúiseach nuair a deir Benji go bhfuil cosa a seanmháthar ar David. Ar ndóigh, tugann sé léargas dúinn ar an dlúthchaidreamh a bhí ag Benji lena mhaimeo.
Maidir leis sin, measaim gur analach déach é go bhfuil David agus Benji ag glacadh choiscéimeanna a sinsear agus go dtógann muid fuílleach péine na clainne linn nuair atá siad romhainn. “Intergenerational trauma,” mar a deir Kneecap.
Mothaím go n-úsáideann Eisenberg an scannán chun iniúchadh a dhéanamh ar an fhreagracht pian na nglúnta atá imithe tharainn a mhothú, más ann dó ar chor ar bith. Léirítear tábhacht an teaghlaigh i dtaca le pian a thuiscint agus a láimhseáil. Cuireann an neas-suíomh idir Benji agus David ó thaobh láimhseáil na streachailte de in iúl dúinn go dtig le cuimhneamh ar an tráma idirghlúine i gcomhthéacs an lae inniu cur isteach ar ár meabhairshláinte ar bhealaí éagsúla.
Tá sé tábhachtach machnamh ar ár sinsear, go háirithe mar Éireannaigh, mar ní bheadh muid ann gan iad. Is dóigh liom go laghdaítear dea-mheabhairshláinte nuair a chaitheann muid barraíocht ama ar an am atá thart agus nuair nach mbraitheann muid ar an am ina bhfuil muid. Ní féidir linn smacht a chur ar an phian atá i ndán dúinn sa tsaol ach is muidne amháin atá freagrach as an fhreagra atá againn uirthi. Is fíor ár ndearacadh, ár meon, ár bpeirspictíocht. Bíonn crann taca ina cuidiú mór fosta.
Pointí breise:
- Tá an ceol sa scannán go hiontach ar fad. Ceol pianó ó Frederic Chopin atá ann – bailéid, études, nochtraithe, réamhcheol agus válsaí. Rugadh agus tógadh Chopin sa Pholainn agus fuair sé bás sa bhliain 1849 nuair a bhí sé 39 bliain d’aois.
- Is as an Pholainn do shinsir Jesse Eisenberg agus is Giúdach é é féin. Bhí daonlachas agus iolrachas cultúir mar ábhar stáidéir aige ar ollscoil.
- Maireann A Real Pain 90 bomaite. Dá mbeinn i mbun an domhain, cuirfinn sa dlí go gcaithfidh gach scannán a bheith ar an fhad seo. Foirfe.
Críochnóidh mé le seanfhocal Búdaíoch: “Is dosheachanta an phian, is rogha an fhulaingt.”