★ ★ ★ 1/2
Dé hAoine seo caite, an faoiseamh sin a thagann le deireadh na seachtaine ag tógáil ionam, bhí áthas an domhain orm cuairt a thabhairt ar an phictiúrlann is fearr liom sa tír, an Lighthouse i mBaile Átha Cliath. Má bhí tú ann riamh, tá a fhios agat go mbíonn na vaidhbeanna ann thar cionn agus gur líonmhar na roghanna bia. Shocraigh mé ar ghrán rósta le latte chai; meascán foirfe den salann is den siúcra. Muna raibh tú ann cheana, mholfainn duit ticéad a cheannach agus an bóthar a bhualadh láithreach.
The Substance, leis an stiúrthóir Coralie Fargeat, is teideal don scannán ar cheannaigh mé féin ticéad dó. Mar is gnáth dom, léigh mé an achoimre ach níor amharc mé ar an tréiléar roimh dom an scannán a fheiceáil. B’fhearr i bhfad blaiseadh ceart a fháil gan an scannán a mhilleadh sular leag mé ladhar sa phictiúrlann.
Mar scéinséir síceolaíoch snasta agus fuilteach, díríonn an scéal ar threascairt na réalta aclaíochta teilifíse méanaosta ó Hollywood i ndiaidh dó drug dainséarach, “The Substance”, a thógáil. Cruthaíodh an tsubstaint chun an chuma is óige is foirfe a chur ort féin ach is í an phríomh-fo-iarmhairt ná go scoiltear an duine ina dhá leath. Diúltaíonn leagan nua an phríomhcharachtair, Sue (Margaret Qualley), a seansaol mar Elisabeth Sparkle (Demi Moore) agus iad in adharca a chéile chun clú na teilifíse a ghoid dóibh féin.
Ní mór duit an t-amhras a dhíbirt ag an doras don scannán seo agus, leis an fhírinne a rá, ní chuirfinn sna deich scannán is fearr liom é. Sin ráite, úsáidtear an scéal chun aird a tharraingt ar fhadbhanna coitianta a bpléitear leo sa tsochaí.
Luach na hóige in aghaidh éirí sean is é príomhthéama an scannáin; i measc na mban go háirithe. Ghlac Elisabeth leis gur fearr mná óga ná mná aosta agus dá bhrí sin, thóg sí an tsubstaint. Éiríonn Sue gafa leis an chlú agus an cháil atá uirthi de thairbhe a hóige, agus fulaingíonn Elisabeth le fo-iarmhairtí uafásacha.
An chéad rud a sheas amach ná an dóigh ar léirigh an scannán an brú millteanach atá ar mhná sa lá atá inniu ann. Cuidíonn na seatanna gar-amhairc, chomh maith leis na híomhánna a théann thar fóir go minic, chun an t-aoiseacha, an mhí-úsáid ghnéis, agus an fuath ar mhná a chur i láthair. Is dócha gur minic a bhíonn an taithí seo ag mná fiú munar bean cháiliúil iad.
Ní rud nua é cóireáil a fháil ar ár ndreach chun na lochtanna fisiciúla a laghdú. Cé go bhfuil muid cleachta leis na meáin shóisialta faoin phointe seo, is fiú an baol a bhaineann leo go fóill a thuiscint. Ní hamháin gur féidir linn leagan foirfe dínn féin a chur in iúl ar líne, ach thig linn dul faoi scian chun an leagan foirfe sin a chur in iúl san fhíorshaol. Tá máinliacht phlaisteach againn le tamall anuas fosta, ach feictear dom go bhfuil na cóireálacha seo á ndéanamh níos minice na laetha seo.
De réir mar a thuigim é, éiríonn muid míshásta nuair nach bhfuil an chuma atá orainn ar na meáin shóisialta mar an gcéanna leis an chuma atá orainn san fhíorshaol. Is micreacosma é an scannán seo den nós a bhíonn againn dul i dtreo na foirfeachta. Má tá muid róbhuartha faoi na rudaí áirithe seo, d’fhéadfadh muid damáiste a dhéanamh don chothromaíocht agus an cogadh inmheánach idir an laistigh agus an lasmuigh a bhíonn ar siúl ionainn.
Chuir úsáid na snáithe seo scannán an clár faisnéise iontach, “Philly Streets” le Andrew O’Callaghan i gcuimhne dom. Pléann an clár seo leis an chontúirt fhisiciúil a bhaineann le drugaí a thógáil ar shráideanna Philadelphia. Tá na Stáit Aontaithe sáite i bhfadhbanna mar gheall ar an eipidéim codlaidíneach agus tá cuid de na fadhbanna céanna á feiceáil againn in Éirinn fosta.
Déarfainn gur chuala an chuid is mó dínn an frása, “an andúil a chothú”. Tugann an frása seo le fios go bhfuil dhá thaobh an duine ann — an glacadóir agus an deontóir — agus ní bhíonn comhchuspóirí ar intinn acu i gcónaí. Is turas neamhsheasmhach é seo agus feidhmíonn an caidreamh idir Elisabeth agus Sue mar mheafar don andúil. B’fhéidir nach raibh úsáid drugaí mídhleathacha ar an phríomhtheachtaireacht sa scannán, ach rith go domhan liom na hinstealltaí, an damáiste a rinneadh ar an chorp agus an scoilt sa phearsantacht.
Faoi dheireadh, is scéinséir maith é agus cuireadh roinnt mhaith fadhbanna sochaíocha i láthair go maith, go háirithe i dtaobh na mban. D’úsáid an stiúrthóir folracht coirp, aoir agus teicnící scannáin chun domhan áibhéalach a chruthú, domhan inar ndearnadh soiléir na míbhuntáistí atá i gceist le dul sa tóir ar an fhoirfeacht. Phléigh an scannán brú sochaíoch, an andúil agus castachta na pearsantachta. Maidir le cáineadh ar bith, déarfainn gur féidir an scéal a insint in uair go leith in ionad dhá uair is fiche. (Ní dhéanfainn gearán faoi thuilleadh ama a chaitheamh sa phictiúrlann is fearr liom, áfach.) Chuir The Substance ina luí orm gur cheart díriú ar rudaí seachas na mionfhadhbanna agus chan a bheith ag dul sa tóir ar an fhoirfeacht. Is glas iad na cnoic i bhfad uainn…