LÉIRMHEAS: X-Men Apocalypse

An rud a ba ghnách le fear an tí i dTeach Choll i Machaire Rabhartaigh a rá agus é ag cuntas amach an méid steallta vodca a b’fhiú duit a fháil chun tú a choinneáil ag dul agus tú ar an bhus siar go Gaoth Dobhair, oíche Shathairn i lár an tsamhraidh, ná, “Tagann rudaí maithe ina dtriúir.”

Agus bhí an ceart aige – is é sin go dtí gur eisíodh X-Men Apocalypse.

Is é seo an tríú scannán X-Men i sraith (ina bhfuil X-Men First Class agus X-Men Days of Future Past fosta) a leanann a n-éachtaí éagsúla i rith an 20ú haois. Bhí an chéad dá cheann go breá.

Tá an ceann seo uafásach.

Ag fíorthús an scannáin, táimid sa tSean-Éigipt (áit a raibh beagnach gach duine bán, de réir cosúlachta) agus tchí muid sóiteán (mutant) sárchumhachtach ag éirí gafa faoin talamh.

Ní tús maith é: mar radharc ní spreagann sé thú, agus is tuar é i bhfírinne ar a bhfuil le teacht.

Baineann go leor de laigí an scannáin leis an sóiteán chéanna, Apocalypse.

Scaoiltear saor de thaisme é i 1983 agus foghlaimímid go luath gurb é an sóiteán is cumhachtaí dár mhair riamh é, agus go bhfuil sé ar ais le smacht a ghlacadh ar an domhan.

Braitheann an scéal ar fad air nó is eisean an bithiúnach ollchumhachtach.

Mar sin de, nuair a bhí fonn orm bheith ag gáire faoi ó thús deireadh mar gheall ar an chuma shuarach a bhí air, agus na línte randamacha áiféiseacha a tháinig as a bhéal, d’imigh cibé teannas a bhí san aer.

Níor chreid mé ann, agus chaill mé suim sa phlota dá bharr.

X men lar

Tá liosta fada sárlaochra sa scannán seo, iad uilig léirithe ag aisteoirí móra.

Ach fágtar nach bhfuil go leor ama ann lena scéalta aonair a phlé, agus is beag nach n-oibríonn ceann ar bith acu.

Arís eile, feicimid an tseanargóint chéanna idir Magneto agus Professor X a bhí le feiceáil i mbeagnach gach scannán X-Men ó thús ama – muna raibh sé tuirsiúil roimhe, tá anois.

Agus ansin tá an deireadh féin leadránach sothuartha.

I dteannta na ndeacrachtaí sin uilig, an fhadhb is mó atá ann go bhfuil muid in aois na scannán sárlaochra, agus le tamall anois tá déantóirí na scannán sin ag rith amach as smaointe.

Go dtí seo, le dul i ngleic leis an fhadhb, tá stiúrthóirí ag déanamh dhá rud.

Tá siad ag líonadh na scannán seo le sonraí agus carachtair bheaga le léitheoirí na ngreannán a shásamh, agus tá siad ag cur gan stad le cumhacht na gcarachtar agus leis an scrios a fhágtar ina ndiaidh.

Agus sin a rinne stiúrthóir Apocalypse, Bryan Singer, sa chás seo.

Ach tá uasteorainn ar an méid pléascanna a thig a bheith in aon phictiúr amháin, teorainn ar an damáiste is féidir a dhéanamh don domhan.

Nuair a bhaintear an uasteorainn sin amach, bíonn cuma amaideach ar an toradh.

Tá an pointe seafóideach sin sroicthe in X-Men Apocalypse.

Idir na carachtair ar fad agus línte beaga dialóige anseo is ansiúd, beidh go leor ann in X-Men Apocalypse don fhíorleantóir.

Do dhuine ar bith eile, áfach, déarfainn go bhfeicfidh siad prácás de scannán a bhí ag iarraidh barraíocht a dhéanamh le barraíocht sárlaochra agus easpa cúraim.

Críochnóidh mé an léirmheas seo le hathfhriotal ó lár an scannáin, nuair a théann scaifte de shóiteáin óga chun na pictiúrlainne le Return of the Jedi a fheiceáil.

Agus iad ag imeacht, deir Jean Grey (léirithe ag Sophie Turner ó Game of Thrones, thuas), “Is féidir linn ar fad a bheith ar aon intinn gurb é an tríú ceann an ceann is measa i gcónaí”.

Fíor sa chás seo, cibé.

SCÉALTA EILE