Ba iad scannáin shultmhara Wallace & Gromit ba mhó a tharraing aird an phobail ar an chré-bheochan agus, cé gur ainmhí eile ar fad é Mary and Max, níl aon amhras ann go meallfaidh an scannán gleoite seo níos mó breathnóirí i dtreo na cré-ealaíne.
Scéal as an ghnáth é scéal na beirte i dteideal an scannáin.
Is cailín óg uaigneach as an Astráil í Mary Daisy Dinkle, nach bhfuil aon chairde aici, sa bhaile ná ar scoil, agus socraíonn sí lá amháin ainm duine randamach a phiocadh amach as an leabhar gutháin agus litir a sheoladh chucu.
An t-ainm a roghnaíonn sí ná Max Jerry Horovitz, fear de bhunadh Nua-Eabhrac a chaitheann a chuid ama ag piocadh suas bruscair agus ag freastal ar chruinnithe de chuid Overeaters Anonymous, sin nuair nach bhfuil sé ag caitheamh siar brocairí seacláide.
Cuireann litir Mary tús le cairdeas tras-ilchríochach, cairdeas atá ag teastáil go géar ón bheirt acu agus atá ag croí na dtéamaí ar fad sa scannán.
Cé gur beochan áibhéalta é, tá Mary and Max bunaithe go pointe ar fhíorscéal agus bhí cara pinn ag stiúrthóir an scannáin, Adam Elliot, ar feadh 20 bliain le duine as an Úll Mór a raibh, cosúil le Max féin, siondróm Asperger orthu.
Is cuid lárnach den scéal é an uair a bhfaigheann Max amach faoina fháthmheas, agus spreagann sé sin Mary tabhairt faoina saol féin a shocrú.
Téann na blianta isteach, cora an tsaoil ag dul i bhfeidhm ar an dís phríomhcharachtair, ach leanann an ceangal eatarthu agus cruthaítear an nasc idir iad féin agus an lucht féachana mar an gcéanna.
Shílfeá go dtiocfadh cuma choiméideach na gcarachtar salach ar an ábhar atá cineál tromchúiseach in amanna ach ní thagann agus éiríonn le hElliot pictiúr mothúchánach a tharraingt de shaol na beirte.
Pléann sé go hionraic le dúlagar agus meascann sé gnéithe dorcha le greann maith.
Tá foireann shuntasach curtha le chéile aige chomh maith chun na guthanna a dhéanamh, le Toni Collette, Philip Seymour Hoffman agus Eric Bana uilig le cloisteáil, mar aon le Barry Humphries mar reachtaire an scéil.
Chaith Elliot breis agus bliain i mbun oibre ar a shaothar agus b’fhiú go mór an t-am a chaith sé leis.
Scannán searbh-mhilis é a bhfuil atmaisféar uaigneach le mothú ann ach tá dóchas le brath chomh maith sa mhéid is go léiríonn cairdeas Mary agus Max cumhacht na daonnachta, rud nach féidir ach tionchar a imirt ar chách a amharcann air.
Tá Mary and Max ar eisiúint theoranta ón tseachtain seo.