Más maith leat scannán maith faoi Han Solo a fheiceáil, déanadh ceann in 1977

Chuaigh Disney sa seans an Nollaig seo caite le The Last Jedi agus thug siad cead a chinn do Rian Johnson a rogha ruda a dhéanamh i ndomhan ollmhór Star Wars. Thaitin sé le go leor, mé féin san áireamh, mar chuaigh sé i dtreo iomlán difriúil leis na scannáin Star Wars eile, ach bhí grúpa mór millteach de lucht leanúna na seanscannán a shíl go raibh sé i bhfad ródhifriúil agus gur “mhill” an scannán na seancharachtair ar nós Luke Skywalker agus an Banphrionsa Leia. Mar sin, dar le go leor, dá dteipfeadh ar Solo, an chéad scannán eile sa domhan seo, bheadh an tsraith i gcontúirt agus bheadh fadhb ag Lucasfilm. Agus is oth liom a rá go bhfuil fadhb ag Lucasfilm. 

Is praiseach é an scannán seo, ach ní praiseach iomlán é amach agus amach. Nuair a chuirtear san áireamh na fadhbanna a tharla agus é á scannánú, is míorúilt é go bhfuil cuma ar bith air. Ní hamháin go raibh ar aisteoir óg ceann de na carachtair is aitheanta ar domhan a léiriú ar bhealach nua, bhí ar an scannán seo an tsraith Star Wars a chur ar ais ar an mbóthar ceart agus chuile dhuine a shásamh, cé nach raibh go leor daoine ag iarraidh go ndéanfaí an scannán ar an gcéad dul síos. Tugadh bata is bóthar do bheirt stiúrthóirí óga, Phil Lord agus Christopher Miller, leath bealaigh tríd an scannánú, agus ghlac Ron Howard ceannas ar an togra, sula ndearnadh athscríobh iomlán ar an script. Ní raibh seans acu i ndáiríre. 

Ag breathnú siar air, tá an scéal simplí go maith, ach insíodh é ar bhealach a chuir cuma chasta air. Insítear ann an chaoi ar chas Han Solo (Alden Ehrenreich) le Chewbacca agus Lando Calrissian (Donald Glover), an chaoi ar éirigh leis éalú óna phláinéad bocht féin, agus an chaoi ar éirigh leis an Millennium Falcon a fháil, spáslong a bhí aige ag tús an chéad scannáin Star Wars. 

Sin é go bunúsach, agus cé go bhfuil eilimintí agus carachtair eile ann, tá siad chomh leamh agus teoranta sin, nach cuimhin liom ceachtar acu. Tá go leor ama caite ag tús an scannáin ag díriú ar Han Solo agus Qi’ra (Emilia Clarke), a d’fhéadfaí a chiorrú, agus thiocfadh feabhas mór air. 

Tugadh téamaí agus carachtair isteach ag tús an scéil a d’imigh agus a dearmadadh chomh sciobtha sin nach fiú labhairt orthu. Déantar iarracht gnéithe simplí a dhéanamh i bhfad níos casta agus mar sin fágtar faoi charachtair a bhfuil ag tarlú a inseacht do charachtar eile gan aon fhothéacs. Go minic tháinig focail Harrison Ford féin faoi scríbhneoireacht George Lucas chun cuimhne — “George, you can type this shit, but you can’t say it!”

Ní hé sin le rá nach bhfuil gnéithe maithe sa scannán seo, mar tá. Is léir go mbaineann Glover an-taitneamh as aithris a dhéanamh ar Billy Dee Williams, agus ag deireadh an scannáin bhí níos mó suime agam Lando a leanacht thar aon charachtar eile. Tá an aisteoireacht eile ar fad togha, seachas an t-aisteoir a rinne glór an róbait, L3-37, a chuir soir mé.

Maidir le Han féin, ní raibh seans ag Ehrenreich, mar ag deireadh an lae, is le Harrison Ford an carachtar seo, más maith nó olc é. Bhí sé sáinnithe idir aithris a dhéanamh ar Ford agus a léiriú féin a dhéanamh ar an gcarachtar, agus ní raibh sé in ann an dá thrá a fhreastal. Mar sin féin, shíl mé go ndearna sé iarracht mhaith, agus ní fhéadfá é sin a lochtú.  

Nuair a thagann deireadh an scannáin, tá go leor de na heilimintí agus gnéithe a bhí leamh nó dúr imithe le sruth agus dírítear i bhfad níos mó ar chaidreamh Han Solo le Chewbacca agus an t-athrú atá le teacht air ó bhuachaill naïve go rógaire mealltach, agus thosaigh mé ag baint spraoi as, ach ní fhéadfainn a rá gur scannán é seo a mholfainn. 

Bhí seans acu scannán aisteach barúil a dhéanamh le Lord agus Miller a rinne The Lego Movie agus 21 Jump Street ach chaill Disney a misneach agus tá siad fágtha le scannán leamh, leadránach a ndéanfar dearmad air faoi cheann bliana. Más maith leat scannán maith faoi Han Solo a fheiceáil, déanadh ceann maith in 1977. 

SCÉALTA EILE