Bliain go leith ó shin anois b’fhéidir bhí teacht le chéile ag rang beag matamaitice s’agam ar an ollscoil.
Mar a tharlaíonn go minic le seanchairde, ní fhaca muid a chéile le tamall.
Agus cad é a shocraigh an seisear againn a dhéanamh mar chuid den oíche seo?
Ní dheachaigh muid fá choinne béile ná caifé ná pionta.
Ní hea, chuaigh muid chuig scannán faoin mhata, ag comhlíonadh gach steiréitíopa faoi mhatamaiticeoirí sa phróiseas.
X+Y ainm an scannáin, agus molaim go hard é nó is scéal galánta daonna é, le scoth na haisteoireachta ann.
Ba é Asa Butterfield (thíos ar dheis) an príomhaisteoir óg sa scannán sin, agus nuair a chonaic mé é i gcéad radharc Miss Peregrine’s Home for Peculiar Children, tógadh mo chroí.
Ní amharcaim ar réamhbhlaiseadh de na scannáin a ndéanaim léirmheasanna orthu – ní bhím ag iarraidh réamhbhreith a thabhairt orthu – agus cé nach bhfaca mé ceann an scannáin seo, bhí go leor cluinste agam a d’fhág amhrasach mé.
Rinne ainm an scannáin, i dteannta é bheith faoi stiúir Tim Burton, mé giota buartha déanta na fírinne, nó is fada an lá ó bhain mé sult as fiontar dá chuid.
Tá mé sásta a admháil áfach nach raibh aon údar leis an imní sin, nó tá Miss Peregrine’s an-mhaith.
Leanann muid aistear an déagóra chiotaigh Jake Portman (Butterfield) is é ag iarraidh dul i ngleic le bás aisteach a sheanathar – fear a raibh tionchar mór aige ar shaol Jake.
Tá seo níos deacra arís air, nó sula bhfaigheann an seanathair bás deir sé cúpla rud cripteach leis, agus is iad na leideanna casta sin a thiomnaíonn Jake i dtreo oileán beag ceomhar as cósta na Breataine Bige.
Is anseo a théann sé sa tóir ar seanscoil a dhaideo, an Miss Peregrine mistiúil a bhí ina bun (Eva Green), agus na páistí aite a d’fhreastail air.
Agus tá na páistí aite sin ar cheann de bhuaicphointí an scannáin.
Tá leisce orm cuir síos a dhéanamh orthu mar gheall air sin – bhain mé féin an-sult as na hiontaisí a thugann siad don lucht féachana – ach samhlaigh X-Men faoi smacht ag Tim Burton agus beidh blaiseadh beag agat.
I ndáiríre, tá drogall orm cur síos a dhéanamh ar go leor rudaí mar go mothaím go mbaineann go leor de mhaitheas an scannáin le na hiontaisí ar fad.
Is pléisiúr mór ó thús deiridh í an chruthaitheacht atá taobh thiar de na páistí cumhachtacha, de na hollphéisteanna déistineacha (nach mbeadh as áit in Pan’s Labyrinth), agus de na radhairc mhóra chorraitheacha uilig.
Bhí na gnéithe seo ar fad de ar fheabhas.
Ar ndóigh tá Miss Peregrine’s Home for Peculiar Children iomlán thar fóir agus ar mire.
Bí cinnte, thiocfadh leat é a cháineadh mar ar gheall ar phlota a bhogann go ró-ghasta in amanna agus baddies a dhéanann rudaí amaideacha anseo is ansiúd.
Ach dar liom, má dhéanann tú é sin níl anam agat.
Is scannán do pháistí é seo, ní fiú an anailís ghéar a dhéanfá ar ghearrliosta na Oscars a dhéanamh anseo.
Daoibhse le súile géara, aithneoidh sibh gur teastas 12A atá ag an scannán seo, cé go bhfuil mise ag rá gur scannán do pháistí é.
An cur síos is fearr atá agam air ná gur scéal Victeoiriach do pháistí ar an scáileán mór é – tá sé corraitheach, greannmhar agus scanrúil mar a chéile.
Luaigh mé na hollphéisteanna déistineacha, níor luaigh mé go n-itheann siad súile páistí.
Is mór an chreidiúint don scannán is don stiúrthóir é nach raibh faitíos orthu sin (is a mhacasamhail) a chur ann, agus gur éirigh leo a leithéid a dhéanamh le hacmhainn grinn chomh maith.
Tá an aisteoireacht foirfe, tá na héifeachtaí speisialta déanta go hálainn – fiú tá an ceol go maith.
Tá a fhios agam nach raibh mórán samhlaíochta agam féin nuair a chuaigh mé go scannán matamaitice le scaifte matamaiticeoirí, ach níor chuir sin bac ormsa a aithint gur píosa samhlaíochta uaillmhianach iontach atá in Miss Peregrine’s Home for Peculiar Children.
Tá Miss Peregrine’s Home for Peculiar Children á thaispeáint i bpictiúrlanna na tíre faoi láthair.