Mná in airde…

Carol (15A)

Suite i Nua-Eabhrac in 1952, díríonn an scannán seo ar chaidreamh a chothaíonn grianghrafadóir óg le bean níos aosta ná í atá ag dul fríd colscaradh achrannach.

Scéal grá leispiach, atá faoi stiúir Todd Hayes an uair seo, a thug uaidh I’m Not There – faoi shaol an laoich cheoil Bob Dylan – agus an tsraith rathúil HBO Mildred Pierce.

Bunaithe ar úrscéal The Prince of SaltCarol (teideal eile a tugadh ar an saothar céanna) foilsíodh an leabhar i dtús ama faoi ainm cleite Patricia Highsmith, Claire Morgan, de thairbhe an ábhair a bheith conspóideach.

Anois, aithnítear an t-úrscéal mar sheoid i measc úrscéalta a phléann le feimineachas agus leispiachas.

Idir chliar agus léiriú, tá moladh mór faighte ag an scannán agus is í Cate Blanchett atá sa phríomhpháirt a thagann amach chun tosaigh as scoth an taispeántais a chur i láthair.

Grandma (16) 

Más Cate Blanchett réalta Carol, is í Lily Tomlin ábhar mór ceiliúrtha Grandma agus taispeántas den scoth curtha i láthair aici i bpáirt Elle, file agus bean aerach atá ag dul anonn in aois.

Is é scéal a gariníne, Sage, a ghlacann tús áite sa scannán, cailín óg a d’éirigh torrach tar éis oíche a chaitheamh le leaid óg nach raibh mórán aithne aici air.

$630 atá ag teastáil ó Sage roimh luí na gréine agus caitheann an bheirt acu, mamó agus gariníon, an lá ar fad le chéile sa tóir ar an airgead.

Ní fhágtar iarleannán ná seanchara ar leataobh san iarracht.

Má tá fonn gáire ort, gabh le Grandma!

SCÉALTA EILE