Tharraing Xavier Dolan aird an domhain air féin siar in 2009 nuair a bhuaigh an chéad scannán leis, Mharaigh mé mo mháthair (J’ai tué ma mère), trí ghradam ag Féile Scannán Cannes agus gan ach fiche bliain slánaithe aige.
San iarracht is déanaí dá chuid Mommy, filleann an stiúrthóir óg Québécois ar an mbunábhar céanna arís, an caidreamh idir máthair agus mac, ag díriú ach go háirithe ar ghrá is ar fhulaingt na mná.
Os ár gcomhair in Mommy tá Diane (Anne Dorval), baintreach mheánaosta gan post buan, a mac Steve (Antoine-Olivier Pilon), déagóir a bhíonn ag streachailt le NHEA agus rachtanna fiáine feirge, agus comharsa béal dorais dóibh, Kyla (Suzanne Clément), bean a bhfuil a trioblóidí féin ag gabháil di.
Feidhmíonn chuile dhuine den triúr truamhéalach seo mar chrann taca an duine eile is déanann siad tréaniarracht dúshlán an tsaoil a thabhairt le chéile.
Scrios iomlán ar na mothúcháin atá i ndán do lucht féachana an scannáin, a bhuí sin, thar aon rud eile, le carachtar Steve is aisteoireacht Pilon.
Ní fios riamh céard a dhéanfaidh an fear óg ag aon nóiméad amháin is é de shíor ar thairseach an fhoréigin, an chaointe, is an gháire araon.
É sin ráite, cé gur Pilon réalta an scannáin tugann Dorval agus Clément taispeántais atá ar comhchéim leis, ar a laghad.
Más é Steve an carachtar is mó tionchar ar imeachtaí an scéil is iad an bheirt bhan laochra an scéil.
Agus is laochra iad ar bhealach nach bhfeictear go minic ar an scáileán, is nach ndéantar ceiliúradh orthu minic go leor san fhíorshaol ach an oiread – is máithreacha iad.
Gnáthmháithreacha a dhéanann a seacht ndícheall dul i ngleic leis an saol is an chlann a thógáil.
Léirítear iontu an leochaileacht is an eagla faoi leith sin nach bhfuil taithí ag éinne eile uirthi ach an mháthair.
Ach os a chionn sin, léirítear iontu diongbháilteacht, crógacht, agus teacht aniar as cuimse, a leithéid nach bhfuil ann ach i máithreacha an domhain.
Anuas ar chumas na foirne aisteoireachta, baineann an stiúrthóir an-leas as an gceol mar bhealach leis na mothúcháin a mhúscailt is le béim a leagan ar a theachtaireacht.
Níl aon agó ach gur manglam an-eicléicteach ar fad é fuaimrian an scannáin (idir Oasis, Eiffel 65, Andrea Bocelli, agus, ar ndóigh, Céline Dion), ach éiríonn leis.
Chomh maith leis sin, bíonn píosa spraoi ag an stiúrthóir le cóimheas pictiúir an scáileáin féin ag tráthanna éagsúla, rud a chuireann leis an atmaisféar i mbealach glic is as an ngnách.
Tá Mommy ar an scáileán in Éirinn ó dheireadh na Márta ach, ar an drochuair, níl sé le feiceáil go forleathan i bpictiúrlanna na tíre. Mar sin, coinnígí súil ghéar amach dó is má tá an deis agaibh é a fheiceáil tapaígí í!