Mr.Holmes & Gael García Bernal

Mr. Holmes (PG)

Athnuachan ar an seancharachtar clúiteach bleachtaireachta Sherlock Holmes de chuid na 19ú hAoise a thuill cáil don údar Albanach de phór na hÉireann Artúr Iognáid Conán Ó Dúill, nó Arthur Conan Doyle mar is fearr aithne air.

Is iomaí athinsint ar scéalta fhicsean eolaíochta Holmes agus Watson ach is é seo an chéad scannán a bhaineann le blianta sinsearacha an bhleachtaire, bunaithe ar an úrscéal le Mitch Cullin, A Slight Trick of the Mind.

Suite sa bhliain 1947, filleann Holmes ó thuras sa tSeapáin, agus é sa tóir ar phlanda aisiríoch neamhchoitianta.

Ar ais ina theach feirme cois farraige, áit a bhfuil sé ag cur faoi lena bhean tí Mrs. Munro (Laura Linney) agus a mac Roger, is mar bheachaire in áit bleachtaire a chaitheann Holmes uaireanta an lae.

Tá sé in aois trí bliana déag le cois na ceithre scór d’aois agus tá néaltrú ag teacht air, go gearr agus go tapaidh.

Casadh eile sa scéal ná go bhfuil coimhlint idir an bheirt chomrádaithe, Holmes agus a sheanchara Watson, atá i ndiaidh airgead mór a dhéanamh lena bheathaisnéis faoi eachtraí na díse.

Cé go bhfuil an galar ag neartú i rith ama, tá cás amháin ón tréimhse atá caite fós gan réiteach ar ghá do Holmes a fhiosrú.

Faoi stiúir Bill Condon, tá Ian McKellen sa phríomhról in éineacht Milo Parker, Laura Linney, Hattie Morahan, Patrick Kennedy, Hiroyuki Sanada, Roger Allam agus Colin Starkey.


The Burning (15) 

Dráma aicsin curtha i láthair sa Spáinnis le fotheidil Bhéarla, is leagan eile ar scéal na mbuachaillí bó in aghaidh na mbundúchasach é.

Tagann fear galánta leathnocht amach as dufair na hAirgintíne – samhlaigh Mowgli ó The Jungle Book agus é fásta aníos nó Robin Hood de shórt!

Téann sé i dtarrtháil ar iníon feirmeora bhoicht de bhunadh na háite ar fuadaíodh í in ionsaí le arm guairilleach ar mian leo seilbh a ghlacadh ar an talamh.

Bí ag súil le caimiléireacht, foréigean, treallchogaíocht, tírdhreach agus daoine dóighiúla go leor le scoth an taispeántais ó réalta Mheicsiceo Gael García Bernal agus Alice Braga ón Bhrasaíl.

SCÉALTA EILE