Níl de dhíth orm ach cúig fhocal bheaga chun an scannán seo a dhíol le sciar suntasach den phobal, agus sin: Súile Gorma Galánta Cillian Murphy.
Is cuma áfach muna mbíonn do ghráta báite ag Cillian ó Chorcaigh, mar tá neart eile anseo chun tú a mhealladh chun na pictiúrlainne.
Fíor scéal atá ann, bunaithe ar Oibríocht Anthropoid le linn an Dara Cogadh Domhanda.
Pléitear feachtas frithbheartaíochta na Fraince ar bhonn rialta sa stair, ach ní minic a chluintear faoina mhacasamhail sa tSeicslóvaic.
Déanann Anthropoid cur síos ar an phlean a bhí ag trodaithe frithbheartaíochta na Seicslóvaice chun Búistéir na Seicslóvaice, An Ginearál SS Reinhard Heydrich, a dhúnmharú.
Ba é Reinhard Heyrich an tríú Naitsí ba chumhachtaí le linn an chogaidh agus bhí sé ar dhuine de na hailtirí taobh thiar den Réiteach Deireanach i gcoinne na nGiúdach.
Ar imeall Phrág i lár na hoíche titeann beirt ghníomhairí rúnda ón spéir, Jan Kubis (Jamie Doran) agus Jozef Gabcik (Cillian Murphy).
Níl mórán acu seachas paraisiúit, gunna agus orduithe chun an Naitsí is cumhachtaí sa tSeicslóvaic a chur chun báis.
Go luath táimid sáite sna 1940í, chí muid béal dath dearg ar na mná, toitíní i mbéal chách, snagcheol á sheinm gach áit, uilig faoi scáth dubh dorcha na Naitsithe.
Is léir ón tús gurb é Cillian an carachtar is dáiríre, chí muid é ag domhain-mhachnamh go minic le toitín ina bhéal, ní smaoiníonn sé ar a dhath ar bith eile seachas an tasc atá idir lámha acu.
Ach, in ainneoin na pleanála uilig, titeann rudaí as a chéile ag an bhomaite deiridh ar dhóigh thar a bheith tubaisteach.
Gan amhras tá Cillian iontach sa ról seo, ról nach bhfuil chomh difriúil sin ón ról atá aige mar cheannaire na Peaky Blinders.
Is ceannairí iad an bheirt charachtar seo, agus tá ceannasaíocht nádúrtha ag an staic leis na súile gorma!
Creid nó ná creid é ach is ábhar iontais é Jamie Doran sa scannán seo.
Baineadh siar asam nach raibh sé lom nocht le linn an scannáin mar a bhí tráth in Fifty Shades.
Cuireadh tuilleadh iontais orm mar léiríonn an scannán seo gur fíor-aisteoir é Doran.
Bhí sé ábalta ag an ról agus thug sé faoi ar dhóigh ghnaíúil dhaonna.
Cé go raibh carachtar Doran (Jan) tiomanta don tasc ollmhór a bhí le déanamh aige, níl sé réidh le bás a fháil ar son na tíre go fóill.
Titeann sé i ngrá le Maria agus is léir go bhfuil sé ag streachailt le hualach an mhisin.
Gan barraíocht a scaoileadh, ní seo an t-aon scéal grá in Anthropoid ach taobh leis an rómáns, chí muid an ghruaim a bhí ann le linn Réim na Naitsithe.
Ní chuireann an scannán aon rud faoi cheilt, tá sé brúidiúil agus foréigeanach agus in amanna bhí mé ag iarraidh mo shúile a bhaint den scáileáin chun na híomhánna uafásacha a sheachaint.
Ach ní raibh mé in ann mo shúile a bhaint in am ar bith.
Bhain seo go hiomlán le tarraingt chliste an scéil, agus admhaím é, bhain sé giota beag le súile gorma Cillian Murphy fosta!