BÚÚÚÚÚÚÚÚÚ
Tá oíche Shamhna buailte linn, mar sin, dóibh siúd atá cosúil liomsa nach bhfuil aon phlean ceart acu lena haghaidh, tá liosta déanta agam de na scannáin uafáis is fearr ar Netflix ar féidir libh breathnú orthu leis an mbabhla mór milseán sin a bhí sibh in ainm a choinneáil do na páistí bhuailfidh ar an doras.
Is fiú a rá sula dtosóidh mé, níl mórán cur amach agam ar scannáin uafáis, mar sin, dóibh siúd a bheidh ag seoladh ‘tvuít’ agam ag tabhairt amach, bíodh fios agaibh go bhfuil fios agamsa nach bhfuil cliú agam, agus go mbeidh mise ag breathnú ar The Lion King anocht ar aon nós.
Mar sin, ó rannóg scannán uafáis ar Netflix, seo na scannáin uafáis is fearr agus iad i liosta breá handyáilte daoibh.
10) BRAM STOKER’S DRACULA
Is breá liom leabhar Stoker, agus scanraigh sé an croí asam agus mé á léamh den chéad uair. Mothaím an mothúchán céanna ag sleamhnú trí mo chuislí uaireanta agus mé ag féachaint ar an scannán seo, ach rómhinic is cosúla é le The Phantom of The Opera ná aon rud eile. An rud is scanrúla faoi ná aisteoireacht Keanu Reeves.
Scannán maith? 5/10
Scannán scanrúil? 5/10
9) THE PURGE
An chéad scannán sa tsraith cháiliúil — céard a tharlódh dá mbeadh lá amháin sa mbliain a bhféadfá coir a dhéanamh gan fhaitíos ort roimh an dlí? Le bheith fireannach, tá an coincheap níos fearr ná an scannán, ach tá cúpla radharc scanrúil ann, más duine thú a dhéanann dearmad glas a chuir ar an doras go minic.
Scannán maith? 5/10
Scannán Scanrúil? 6/10
8) PARANORMAL ACTIVITY 3
Seo é an chéad scannán uafáis a chonaic mé sa bpictiúrlann, agus is cuimhin liom go raibh an-fhaitíos orm ag an am. Ag breathnú siar air anois, níl mórán céille leis an scéal, agus níor chuir sé an croí trasna ionam mar a rinne an chéad uair. Ach tá cúpla gné scanrúil fós le braith ann, agus cé go raibh fios agam go raibh ‘an léim’ ag teacht, baineadh geit asam mar sin féin.
Scannán maith? 3/10
Scannán scanrúil? 7/10
7) 10 CLOVERFIELD LANE
Scannán a tháinig aniar aduaidh ar go leor daoine, ní scannán uafáis é amach is amach, ach tá an teannas le braith ón gcéad nóiméad. Tá an scéal thar cionn, tá an suíomh aisteach agus an aisteoireacht fíormhaith. Tá cúpla radharc ann atá sách deacair le breathnú orthu freisin.
Scannán maith? 8/10
Scannán scanrúil? 2/10
6) WARM BODIES
TÁ FIOS AGAM, níl sé seo scanrúil ar chor ar bith, agus is scannán rómáns é níos mó ná scannán uafáis, ach is cuma liom, tá sé sa rannóg scannáin uafáis ar Netflix agus is aoibhinn liom é mar scannán, mar sin tá sé ag dul ar an liosta. B’fhiú súil a chaitheamh air — tá sé barúil, tá an scéal dea-scríofa, agus tá sé suimiúil scannán a fheiceáil trí shúile zombaí atá i ngrá le duine beo.
Scannán maith? 9/10
Scannán scanrúil? 1/10
5) CABIN IN THE WOODS
Tá an scannán seo iontach. Is breá liom é, ach mar gheall go bhfuil an script chomh barúil sin le línte Joss Whedon le cloisteáil gach dara nóiméad, níl mórán radharc atá chomh scanrúil sin. Mar sin féin, nuair a bhreathnaigh mé air agus mé i mo leaid óg, bhí mé scanraithe ag cuid de, agus tá sé níos scanrúla ná Warm Bodies. Mar sin, faigheann sé áit uimhir a cúig ar an liosta.
Scannán maith 9/10
Scannán scanrúil 3/10
4) CARRIE (1976)
Má tá scannán bunaithe ar scéal Stephen King, bí cinnte go mbainfidh sé geit éigin asat ag pointe éigin, agus tá radhairc sa scannán seo atá íocónach. Tá an scannán ar an bhfód le 40 bliain, dar ndóigh, mar sin ní oibríonn na héifeachtaí speisialta ar fad, ach tá sé fós scanrúil, agus is fiú súil a chaitheamh air, go háirithe má tá faitíos ort roimh an bhfuil…
Scannán maith? 7/10
Scannán scanrúil? 6/10
3) RED DRAGON
An scannán a tháinig i ndiaidh Silence Of The Lambs, ach atá bunaithe ar an gcéad leabhar sa tsraith ar Hannibal Lecter, Maneater. Ní scannán uafáis é seo amach is amach, ach tá sé sách scanrúil mar sin féin. Tá sé foréigneach agus gránna agus tá Ralph Fiennes iontach sa bpríomhpháirt.
Scannán maith? 8/10
Scannán scanrúil? 7/10
2) ANNIHILATION
Scannán a eisíodh ar Netflix i rith an tsamhraidh, gan aon chaint faoi, agus tá sé thar cionn. Nílim ag iarradh mórán a rá faoi, ach bhí radhairc ann a chuir an croí trasna ionam agus tá an scéal agus an aisteoireacht thar cionn. Arís b’fhéidir nach scannán uafáis é go díreach, ach is é an scannán is fearr é atá eisithe ag Netflix i mbliana.
Scannán maith? 10/10
Scannán scanrúil? 8/10
1) SHARKNADO
B’fhéidir nach mise an duine is fearr le liosta mar seo a scríobh…
Scannán maith? 11/10
Scannán scanrúil? 12/10