Ní chodlóidh mé néal ar feadh seachtaine

Thart ar bhliain ó shin, ar oíche dhorcha ghruama, agus é ag báisteach taobh amuigh, bhí mé liom féin i mo theach nua i mBéal Feirste. Ní raibh aon phost agam ag an am, mar sin ní raibh mé in ann dul amach le haghaidh cúpla deoch, nó aon rud mar é. Ní raibh aithne agam ar mhórán daoine sa gcathair nua ag an am ar aon nós. 

Mar sin d’oscail mé Netflix, agus roghnaigh mé scannán le breathnú air. Níl fios agam cén fáth ar roghnaigh mé Get Out. Níor mhaith liom scannáin uafáis, ní raibh aon chur amach agam orthu, agus níor thuig mé an grá a bhí ag daoine dóibh. B’fhéidir gur cheap mé nach bhféadfadh sé bheith chomh scanrúil sin, mar gheall gurbh é Jordan Peele a bhí ina stiúrthóir, fear a raibh cáil air as a chuid sceitseanna grinn.

Ach cé nár scanraigh sé an t-anam asam bhí na téamaí chomh láidir ann, an tsamhlaíocht, an aisteoireacht agus an stiúradh chomh maith sin, go ndeachaigh sé i bhfeidhm orm ar an bpointe agus tá sé anois ar cheann de na scannáin is fearr liom. 

Ach, dar liom, ní scannán uafáis a bhí ann i ndáiríre. Bhí mé in ann codladh ina dhiaidh, ar a laghad. Mar sin nuair a chonaic mé go raibh scannán nua ag Jordan Peele ag teacht amach, Us, bhí mé ar bís, agus shíl mé go mbeinn ullamh dó an t-am seo. 

A mhac, ní raibh mé ullamh, ná baol orm. Ní chodlóidh mé néal ar feadh seachtaine ar a laghad, shíl mé go mbuailfeadh  taom croí mé cúpla uair sa bpictiúrlann, agus ní féidir liom fanacht go dtí go  mbeidh mé in ann dul ag breathnú arís air. Tá Jordan Peele tar éis mé a bhriseadh. 

Deir Peele nach raibh sé sásta go raibh cineál mearbhall ar dhaoine faoi Get Out agus an cineál scannán a bhí ann, mar ní scannán uafáis amach agus amach a bhí ann. Mar sin shocraigh sé ceann ‘ceart’ a dhéanamh agus rinne sé é sin, by dad. 

Scannán faoi theaghlach atá ar shaoire in Santa Cruz, agus bíonn orthu déileáil le teaghlach eile a bhreathnaíonn díreach cosúil leo agus atá ag déanamh iarracht iad a mharú le siosúir. 

Tá níos mó i gceist ná sin dár ndóigh, ach nílim ag iarradh níos mó a rá faoin scéal mar millfidh mé daoibh é. Ach déarfaidh mé an méid seo: uaireanta bíonn orm smaoineamh siar géar a dhéanamh nó cur síos den scéal a lorg ar líne le scríobh faoi, ach tógfaidh sé cúpla mí ar a laghad sula ndéanfaidh mé dearmad air seo.

Cén fáth? Tá an ceol go maith, tá an t-uafás ann atá thar a bheith scanrúil agus tá an scéal chomh cruthaitheach sin. Ach an dá rud is mó a dhéanann an scannán seo speisialta ná stiúradh Jordan Peele agus aisteoireacht Lupita Nyong’o. 

Maidir le Peele, tá an oiread téamaí iontacha fite fuaite tríd an scannán choinneoidh ag machnamh mé ar feadh píosa fada, ach ag an am céanna ní airíonn sé ar nós go bhfuil sé rófhada nó ag iarradh an iomarca a rá. Is léir gur ealaíontóir eisceachtúil é. 

Go teicniúil, breathnaíonn an scannán go hálainn, agus tá radharc ag an deireadh idir an carachtar Adelaide (Lupita Nyong’o) agus an carachtar Red (Lupita Nyong’o arís) a sheasann amach. Tá sé álainn, taitneamhach agus scanrúil. 

Maidir le Lupita Nyong’o, Bheadh ceann de na páirteanna atá aici sách deacair agus dúshlánach a dhéanamh go maith ann féin ach tógann sí páirt dhá charachtar anseo, agus tá sí dochreidte sa dhá pháirt. 

Ag teacht amach as Us bhí go leor ceisteanna agam, agus rudaí nár thuig mé go hiomlán, ach chuir sé sin le scéin an scannán. Tá sé eisceachtúil mar scannán agus beidh sé deacair ag aon scannán eile é a shárú i mbliana. Ach níos mó ná sin domsa, mar dhuine nach raibh mórán suim ná tuiscint agam ar scannáin uafáis, tá mé ag ceapadh go bhfuil tuiscint éigin agam orthu faoi dheireadh, a bhuíochas do Jordan Peele agus Us. Agus beidh faitíos orm roimh shiosúir as seo amach. 

SCÉALTA EILE