Ní do lánúineacha na Féile Vailintín a déanadh ‘Loveless’

Tá Lá Fhéile Vailintín buailte linn arís agus mar sin, beidh leannáin ar fud na tíre ag dul chuig pictiúrlanna le oíche rómánsach a chaitheamh le chéile. Ní dóibh siúd a déanadh an scannán Loveless, ach dóibh siúd a bhfuil suim acu i ndrámaíocht réalaíoch chumhachtach agus in aisteoireacht den scoth.

Tá an scéal simplí go maith. Lonnaithe sa Rúis, tá lánúin phósta. Tá Zhenya (Maryana Spivak) agus Boris (Aleksey Rozin) ag colscaradh mar, tar éis dhá bhliain déag a bheith pósta, tá an ghráin dhearg acu ar a chéile. Níl uathu beirt ach tosú as an nua, ach nuair a théann a mac Alexey (Matvey Novikov) ar siúl, cuireann siad stop lena gcuid pleananna chun é a aimsiú. Ní scéal casta é, ach insítear é ar bhealach a thugann deis don lucht féachana sult a bhaint as an aisteoireacht, as an drámaíocht agus as na radhairc fhada, chiúine, áille.

Tá radhairc sa scannán seo ina bhfanann an ceamara ar shuíomh amháin ar feadh i bhfad, ar nós go bhfuil an stiúrthóir, Andrey Zvyagintsev, ag iarradh go bhfeicfeadh agus go ndéanfadh an lucht féachana staidéar ar gach uile orlach a léirítear ar an scáileán. Mhothaigh mé é sin sna radhairc ina bhfuil an lucht tarrthála ag lorg Alexey. Agus iad á thóraíocht i gcarrchlós agus i bhforaois, d’fhan an ceamara socair i ngach radharc, agus bhí mo dhá shúil ag bogadh ó bhun go barr an scáileáin ag lorg Alexey leis na carachtair eile.

Maidir leis an gcliar, ní fhéadfainn locht a fháil ar cheachtar acu. Tá na carachtair ar fad réalaíoch, casta agus spéisiúil, agus níl aisteoireacht níos fearr feicthe agam ó chliar iomlán i mbliana. Caithfidh mé moladh ar leith a thabhairt don aisteoir óg atá i bpáirt Alexey, Matvey Novikov. Ón gcéad radharc agus é ag dul trí gheataí na scoile leis na céadta páiste eile, bhí a fhios agam ar an bpointe boise gurbh eisean an duine le súil a choinneáil air. Tá teacht i láthair agus cumas aige atá eisceachtúil do dhuine chomh hóg leis.

Tá fotheidil ar an scannán Rúisise seo ach ní bhaineann sé den scéal ar bhealach ar bith. Tugann fad na radharc neart ama don lucht féachana iad a léamh agus mar gheall go bhfuil na radhairc chomh fada sin, tugann sé neart ama don lucht féachana na fotheidil a léamh, agus sult a bhaint as an scannánaíocht chumasach agus as na meafair atá fite fuaite sa scéal.

Mar shampla, tá an scéal lonnaithe in 2012, agus a fhad is atá críoch ag teacht le seansaol Boris agus Zhenya, cloistear blaisíní beaga raidió de dhaoine ag déanamh tagairt do dheireadh an domhain a tuaradh an bhliain sin, de réir fhéilire na Máigheach. Chomh maith leis sin, caitheann na carachtair ar fad go leor ama agus a n-aird dírithe ar a gcuid fón, seachas dírithe ar a chéile, agus chuir sé in iúl dom an mhian agus an dúil atá ag na carachtair seo i saol eile — i saol nua.

Faraor, níl an chríoch chomh láidir leis an gcuid eile don scannán. Shíl mé go mbeadh críoch beagán níos spleodraí nó níos sásúla ag an scannán, ach chríochnaigh sé go ciúin, agus go séimh. Chomh maith leis sin, i scéal chomh duairc agus chomh dorcha leis, chuirfeadh níos mó radhairc ghrinn leis go mór. Chuir sé na scannáin Prisoners le Denis Villeneuve agus Gone Baby Gone le Ben Affleck i gcuimhne dom, ach sna háiteanna ina raibh na scannáin sin glórach agus gáirsiúil, tá Loveless ciúin agus cásmhar. Cé nach bhfuil grá ag duine ar bith sa scannán seo dá chéile, is léir domsa gur déanadh le grá é, agus thit mise i ngrá leis.

SCÉALTA EILE