Chuile mhí, breathnaím ar na scannáin atá ag le teacht amach sa bpictiúrlann in Éirinn, agus roghnaím cé na scannáin a scríobhfaidh mé léirmheas orthu. An tseachtain seo, bhí mé le léirmheas a dhéanamh ar scannán nua Amy Schumer, I Feel Pretty. Bhí a fhios agam go maith nach scannán é a thaitneodh liom, mar nach bhfuil ciall ná réasún leis an coincheap, níor gháir mé uair amháin ag breathnú ar na réamhamhairc agus ní cheapaim gurb í Amy Schumer an scríbhneoir, ná an t-aisteoir, is láidre amuigh.
Ach dúirt mé liom féin go mbeadh The Delinquent Season go maith, agus go mbeadh an fuinneamh agam le ar a laghad beagán spraoi a bhaint as léirmheas ar I Feel Pretty. Ach bhí an oiread díomá orm tar éis scannán Mark O’Rowe, ní raibh uaim ach scannán maith a fheiceáil. Mar sin, chuaigh mé ag lorg rud éigin eile, aon rud eile, le breathnú air ina áit, agus tháinig mé ar an scannán Tully agus níl rogha níos fearr déanta agam i mbliana.
Scéal simplí, réalaíoch, faoi Marlo (Charlize Theron), bean a bhfuil clann óg uirthi atá ag streachailt leis an saol agus faoin “night nanny”, Tully (Mackenzie Davis) a thagann i gcabhair uirthi. Tá an scéal simplí go maith, ach fíoréifeachtach. Is scéal é atá cloiste againn míle uair ach ag an am céanna, tá sé difriúil le aon scannán eile ar an dul céanna leis.
Tá a fhios agam nach bhfuil mórán céille leis an ráiteas sin, ach sin é an cur síos is beaichte is féidir liom a dhéanamh. Má chuireann tú i gcomparáid le Lady Bird é, a fuair moladh ó chuile dhuine níos luaithe i mbliana (bhuel, beagnach chuile dhuine), is cinnte gur scannán níos fearr é Tully, cé go bhfuil go leor de na téamaí céanna acu. Ach céard eile a bheadh tú ag súil leis uaidh an stiúrthóir Jason Reitmann a stiúir an dá scannán iontach Young Adult agus Juno? Cé nach bhfuil Tully baileach ar an seasamh céanna leo siúd, tá sé brónach, barrúil agus le téamaí láidre teaghlaigh agus máithreachais ag a chroí.
I Ladybird tá na haisteoirí ag aisteoireacht, agus ag aisteoireacht go han-mhaith, ach ag aisteoireacht mar sin féin, agus is féidir “na sreanga a fheiceáil”. Ach ní fhéadfá an rud céanna a rá faoi na haisteoirí i Tully. Tá chuile dhuine, fiú amháin na gasúir óga, chomh nádúrtha sin nach féidir leat ach bá a bheith agat le chuile charachtar. Na daoine a sheas amach dom ná Mark Duplass a bhí i bpáirt dheartháir Marlo, an cailín óg Lia Frankland, agus dar ndóigh, Charlize Theron féin. Is aoibhinn liom Theron mar aisteoir, ach ní fhaca mé léiriú chomh maith uaithi riamh. Bhuaigh sí Oscar le haghaidh an scannán Monster i 2004, ach i mo thuairim-se, tá sí níos láidre sa scannán seo.
Níor éirigh go maith leis an scannán, faraor, sa trian deire. Déanann Reitmann iarracht drámaíocht a chuir isteach i scéal nach raibh a leithéid ag teastáil uaidh, agus cailleann sé beagán den réalachas dá bharr. Cé go bhfuil sé barrúil, níor oibrigh chuile ghné den ghreann, ach ní clamhsáin mhóra iad seo. Tá an fhuaimriain thar cionn, tá an aisteoireacht eisceachtúil, agus tá scannán álainn cruthaithe anseo ag Reitmann, Theron agus chuile dhuine eile. Téigí ag breathnú air.