Níl aon fhocal níos fearr le cur síos ar an scannán seo – ‘cringe’

Tá aisteoir Gaelach ina chónaí i Meiriceá faoi láthair, a rinne cur i láthair TEDx in Berkeley le gairid. Dónall Ó Héalaí is ainm dó, agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm agus é ag labhairt faoi Éirinn agus faoin nGaeilge. Tá an cur i láthair thar cionn, agus ba cheart do chuile dhuine atá dhá léamh seo breathnú air. Tá bealach ag an nGaeilge, a deir sé, cur síos eisceachtúil a dhéanamh ar ghnáthrudaí ar nós mac tíre agus bóín dé, agus aontaím leis.

Shíl mé i gcónaí go raibh focail i nGaeilge i bhfad níos éifeachtaí le cur síos a dhéanamh ar rudaí, go dtí go bhfaca mé Ready Player One. Níl aon fhocal níos fearr ná níos cruinne le cur síos ar an scannán seo ná an focal Béarla cringe. Cringe ag chuile líne amaideach. Cringe ag chuile thagairt místuama sa scannán. Cringe gurb é Steven Spielberg a stiúradh é.

Cringe.

Ní féidir locht a fháil ar na haisteoirí. Go deimhin, is maith liom na haisteoirí ar fad sa scannán seo. Tá Tye Sheridan ar dhuine de na haisteoirí óga is cumasaí in Hollywood faoi láthair, beidh Olivia Cooke ina haisteoir iontach amach anseo, agus ní gá labhairt ar chumas Ben Mendelsohn, Simon Pegg agus Mark Rylance. Ach ní féidir leo mórán a dhéanamh mar nach bhfuil aon substaint ag baint le haon charachtar, agus deireann siad línte agus focail nach ndéarfadh duine riamh.

Tá na héifeachtaí speisialta go maith freisin, seachas radharc san OASIS i gclub damhsa — ó a mhac — agus tá an ceol fite fuaite le hamhráin rac-cheoil mór le rá ó na 1980idí. Ach caitheann an scannán i bhfad an iomarca ama ag aithris ar éifeachtaí speisialta agus ceol ó scannáin eile, atá deich n-uaire níos fearr ná é. Dhá mbeadh muinín ag na scríbhneoirí as an domhan a bhí cruthaithe acu, b’fhéidir gur scannán suimiúil a bheadh anseo, ach is léir go raibh siad gafa le tagairtí a dhéanamh do scannáin agus cluichí ríomhaireachta ó na 1980idí.

Níl na tagairtí néata ná glic ach an oiread, tá siad místuama agus róshoiléir. Is beagnach gur féidir leat feidhmeannaigh Warner Bros a chloisteáil agus iad os comhair clár bán a rá “Ó cinnte, tuilleadh Battletoads, taitneoidh sé sin leis na nerds.”

Ag dul isteach sa bpictiúrlann, bhí mé ag súil le scannán spraíúil spleodrach aicsin, ar an dul céanna le The Hunger Games, ach céard a bhí ann ach liosta leabhar i bhfoirm scannáin. Ón méid a thóg mé ón scéal, tá sé lonnaithe i Meiriceá in 2045 agus leanann an scannán Wade Watts (Tye Sheridan) agus é FÉACH! BATMAN! ar thóir BREATHNAIGH! AN DELOREAN Ó BACK TO THE FUTURE! rún a thabharfadh cumhacht dhó thar BUCKAROO BANZAI! an réaltacht fhíorúil OASIS! ar KING KONG! fad agus tá carachtar Ben Mendelsohn AN CUIMHIN LEAT JURASSIC PARK?! ag iarraidh rud éigin Ó BHABHA! AN RUD A THÁINIG AMACH AS CLIABHRACH JOHN HURT SA SCANNÁN ALIEN, AN CUIMHIN LEAT É SIN?! agus AN BHFUIL THE SHINING FEICTHE AGAT?! MURA BHFUIL, BREATHNAIGH AIR IS SCANNÁN MAITH É, BREATHNAIGH, AN DELOREAN ARÍS!

Má fuair tú é sin deacair a léamh, samhlaigh ar scáileán mór é ar feadh trí uair an chloig, agus tuigfidh tú na deacrachtaí a bhí agam leis an scannán seo. An t-aon rud a chuir na tagairtí do Back To The Future i gcuimhne dhom ná cé chomh maith is atá na scannáin sin, agus gurbh fhearr liom i bhfad a bheith ag breathnú ar na scannáin sin seachas an phraiseach rófhada seo.

SCÉALTA EILE