Níl aon rud mall faoi ‘Slow West’

Scannán buachaillí bó é seo le laoch Chiarraí Michael Fastbender agus a chomrádaí óg.

Le druidim an 19ú hAois, leanann an scéal an stócach óg Jay (Kodi Smit Mc-Phee ó Dawn of the Panet of the Apes), uaslathaí Albanach 17 mbliana d’aois a théann go hiarthar Mheiriceánach ar thóir a ghrá agus a hathair.

Theith siad beirt ó Albain lena n-anam.

Gan taithí ná cur amach ar an tírdhreach fiáin crua, cuireann sé aithne ar thaistealaí mistéireach níos sine Silas, curtha i láthair ag Fastbender.

Leis sin cuirtear tús le heachtra beirte le spéirbhean Jay a thabhairt slán agus fiacha ar a cuid fola uirthi.

An chéad scannán faoi stiúir an scannóir Albanaigh John Maclean, bí ag súil le taispeántas den scoth ó Fastbender, a dhéanann a chuid féin de laochra na mbuachaillí bó.

Is fiú, go deimhin, breathnú ar aon scannán le Fastbender, Gael-Ghearmánach iomráiteach a d’fhás aníos i gCill Airne.

Tá teannas iontach in Slow West le go leor castaí lena linn tríd.

Thug sé Príomhdhuais an Ard-Ghiúiré – an gradam is mó le rá – leis ag Féile Scannán Sundance, Utah SAM, ag tús na bliana agus is léir cén fáth.

Téigh chuige sula n-imíonn sé ó na pictiúrlanna.

SCÉALTA EILE