Níor chruthaigh Woody an draíocht chéanna arís – ach rinne sé rud éigin eile

Rudaí nach dteastaíonn sa saol seo: aon sonraí breise ó JK Rowling faoi shaol grá Albus Dumbledore, aon chlár eile ó Ivan Yates nó Pat Kenny ag caint faoi fhiúntas na Gaeilge agus na Gaeltachta ar Newstalk agus scannán eile Toy Story. 

Sin é go díreach a bhí mé ag ceapadh sula ndeachaigh mé ag breathnú ar an scannán is déanaí ó Pixar. Bhí an chríoch a bhí ag Toy Story 3 chomh glan agus chomh sásúil gur shíl mé nach raibh gá dul ar ais sa domhan sin arís. 

Ach bhí airgead le déanamh, mar sin seo againn Toy Story 4. Scannán le cúpla milliún eile a chuir i bpóca Disney le go mbeidh siad in ann a ndóthain airgead a chruinniú le críoch a chur leis an gcur i gcéill agus Meiriceá a cheannach amach is amach faoi dheireadh. 

Ach bhí ionadh orm nuair a chonaic mé cúpla píosa den scannán san ábhar margaíochta ar líne. Bhí sé barrúil! Bhí carachtair nua ann! Bhreathnaigh sé go hálainn! Agus an bhfuil duine beo ar an bpláinéad nach dtaitníonn Tom Hanks leo? Mar sin, b’fhéidir gurbh fhiú seans a thabhairt dó seo? B’fhéidir go n-éireodh le Woody agus a chairde an draíocht chéanna a chruthú arís?

Bhuel. Tar éis breathnú ar an scannán féin, níor éirigh. Déanann sé rud éigin eile. Tá an tús den scannán an-chosúil leis an stuif atá feicthe againn cheanna, na téamaí céanna, na mothúcháin chéanna agus carachtair ag déanamh na roghanna céanna atá déanta acu cheana. 

Ach ansin, fiche nóiméad isteach sa scannán athraíonn rud éigin agus cuireann an scannán na carachtair chéanna in iúl dúinn ar bhealach difriúil, i gcomhthéacs difriúil. Rinne mé dearmad ar an tús ansin agus shocraigh mé isteach sna téamaí nua agus bhain mé an-taitneamh as.

Agus tá sé barrúil. An-bharrúil. A bhuíochas don chliar den chuid is mó. Níl mórán le déanamh ag na seancharachtair anseo, mar sin má bhí tú ag súil le radhairc le Mr Pricklepants, Jessie agus Mr Potato Head, beidh díomá ort. 

Dar ndóigh cuid de sin ná nach bhfuil glór Mr Potato Head (Don Rickles) beo a thuilleadh, ach fiú Buzz Lightyear (Tim Allen), tá páirt i bhfad níos lú aige anseo ná mar a bhí sna scannáin eile. Mar sin titeann go leor den fhreagracht ar an gcliar nua, agus tá siad ar fad iontach, Keegan Michael Key agus Jordan Peele mar Ducky agus Bunny, Tony Hale mar Forky agus Keanu Reeves mar Duke Kaboom ach go háirithe. 

Is é an scannán is laige sa tsraith é cinnte, ach ní hé sin le rá go bhfuil sé go dona, ná baol air. Mar dhuine a rugadh sna nóchaidí agus a d’fhás aníos leis na scannáin seo, is féidir liom lorg m’óige a leanúint leis an scannán seo. An chéad scannán agus mé an-óg, an dara ceann agus mé níos sinne ag tuiscint na dtéamaí a bhí níos casta agus níos teibí, agus an tríú ceann a chuir críoch le m’óige agus ag bogadh ar aghaidh mar dhuine fásta. 

Agus anois, is féidir liom an chéad chéim eile a fheiceáil in Toy Story 4, mé ag féachaint ar dheacrachtaí Woody le Forky ar nós athair le gasúr óg, agus Woody ag iarradh míniú éigin eile a fháil ina shaol, ar nós go leor daoine ar comhaois liom. Shíl mé nach raibh an croí céanna ag Toy Story 4 is a bhí ag an gcuid eile, ach mar sin féin, bhí sé i bhfad i bhfad níos fearr ná ba cheart dó a bheith. 

SCÉALTA EILE