Bhí an tír Laidin-Mheiriceánach i ndiaidh fulaingt go mór le linn réimeas Pinochet – a tháinig i gcumhacht de bharr coup d’état fuilteach agus a mharaigh thart ar 3,000 duine i rith a thréimhse i gceannas – agus is léiriú é No ar dhóchas na Sileach ag deireadh na n-ochtóidí go mbeadh siad in ann cinniúint úrnua shíochánta a chruthú dóibh faoi dheireadh.
Mar shampla ar an scoilt sa phobal, go háirithe idir lucht an rachmais agus na gnáthdhaoine, tá ceannaire (Alfredo Castro) chomhlacht margaíochta René gnóthach i mbun oibre leis an fhoireann ‘Sí’ atá ar son Pinochet agus díríonn an bheirt acu ar chleasanna nua éagsúla – fógraíocht teilifíse go speisialta – lena bhfeachtais a bhrú chun tosaigh.
Ba é croí choimhlint na pobalbhreithe ná 27 oíche d’fhógraí teilifíse ina raibh 15 nóiméad ag na hiomaitheoirí a n-argóint a chur ina luí ar an lucht féachana – chuaigh na hollfheachtais mhargaíochta seo go mór i bhfeidhm ar mheon mhuintir na tíre ach go deimhin ní ar an scáileán amháin a troideadh an feachtas.
Bunaithe ar an dráma neamhfhoilsithe El Plebiscito le hAntonio Skármeta, cruthaíonn an scannán pictiúr beoga d’fhíor-atmaisféar na tíre ag an am.
Cé gur chuir Pinochet córas géar caipitlíoch ar bun sa tSile, tá sé suimiúil le tabhairt faoi deara gurb é mac an chaipitleachais féin, an mhargaíocht, a úsáidtear go glic ina éadan agus ba chúis lena thitim sa deireadh.
Feictear gearrthóga de réaltaí móra Hollywood na linne, leithéidí Jane Fonda agus Richard Dreyfuss, a bhí páirteach san fheachtas No i gcoinne an deachtóra agus cluintear amhráin ghreamúla a cumadh ina éadan chomh maith.
Ar na gnéithe is leithlí faoi No tá cinneadh an stiúthóra Pablo Larraín ceamaraí ísealghléine a úsáid a chuireann cuma ghleoite fhíréanta ar na híomhánna agus a lonnaíonn tú i gcroílár 1988 ar an toirt.
Ní nach ionadh mar sin go bhfuil sé ar ghearrliosta na nOscar i mbliana le haghaidh an Scannáin is Fearr i dTeanga Eachtrannach agus tá moladh ag dul, uair amháin eile, chuig García Bernal – fear a mbíonn gné pholaitiúil leis an mhórchuid dá shaothar – atá an-inchreidte sa phríomhról.
Is cinnte go gceisteoidh roinnt breathnóirí ar chóir ceiliúradh a dhéanamh ar an am a chuir gníomhaíochas polaitiúil cuma na margaíochta air féin ach ar an iomlán is seoid de scannán é No.