Tá script agus ealaín bhunaidh curtha le chéile do leagan scannáin den fhinscéal mór Gaelach Táin Bó Cuailnge. Is é an comhlacht léiriúcháin Dearcán Media, atá lonnaithe i nDoire, atá ag léiriú an scannáin beochana agus is é an beochantóir John McCloskey atá i mbun na healaíne – fear a bhain cáil amach dá chuid oibre ar an scannán An Béal Bocht in 2012.
Tuigtear do NÓS go dtógfaidh an scannán tuairim is trí bliana le déanamh agus go bhfuiltear ag súil go mbeidh sé ar an scáileán mór in 2026. Tá An Táin ar cheann de na scéalta is aitheanta ó fhinscéalaíocht na hÉireann, scéal ina ríomhtar dán an laoich óig Seadanta – nó Cú Chulainn mar a tugadh air – agus é ag troid ar son na nUltacht in aghaidh Mhéabh Chonnacht.
Cuireadh na leaganacha is sine den scéal ar phár san 11ú hAois. Chuir an t-acadóir Thomas Kinsella Béarla ar an scéal in 1969 faoin ainm The Táin agus foilsíodh leagan eile Béarla in 2008, leagan a d’aistrigh Ciarán Carson. Sa bhliain 2017, d’fhoilsigh Leabhar Breac leagan Nua-Ghaeilge den scéal a réitigh Darach Ó Scolaí. Foilsíodh an tríú heagrán den leabhar sin i mbliana tar éis dó a bheith as cló ar feadh bliana.
Tuairiscíodh os cionn deich mbliana ó shin go raibh an t-aisteoir Éireannach Michael Fassbender le bheith i ról Chon Chulainn i scannán a bhí bunaithe ar eachtraí na Tána. Cé gur maíodh ag an am go raibh an t-airgead curtha le chéile ag Fassbender agus an scríbhneoir scripte Ronan Bennet leis an scannán a dhéanamh, níor tharla sé riamh. Go deimhin, ní dhearnadh aon iarracht mhór riamh scéal na Tána a chur ar an scáileán mór.
Dheimhnigh duine a bhfuil baint aige le déanamh an scannáin nua beochana do NÓS go bhfuil an obair tosaithe ar an togra ach nach féidir mórán eolas eile a thabhairt i láthair na huaire.