Tá 10 lá fágtha chun tacú le feachtas slua-mhaoinithe a chuirfidh ar chumas an scannánóra Dónal Ó Céileachair ó Anú Pictures fadscannán Camino by Sea a chruthú den aistear farraige a rinne ceathrar Gael cróga ó Bhaile Átha Cliath go Santiago de Compostela sa Ghailís.
Ní ba luaithe i mbliana craoladh an tsraith 4 chláir Camino an tSáile ar TG4 agus ba mhaith le Dónal anois beatha nua a thabhairt don léiriú agus é a chruthú don scáileán mór.
Tá breis agus 200 uair an chloig d’ábhar scannánaíochta aige, a taifeadadh thar 3 bliana.
Lean Dónal criú na Naomhóige, bád rámhaíochta traidisiúnta déanta d’adhmad, ar an aistear 2,500k thar 5 thír éagsúla, díreach mar a rinne na hoilithrigh romhainn.
Is de bhunadh Chorca Duibhne an ceathrar a thug faoin turas; Breanndán Ó Beaglaoich (amhránaí agus ceoltóir), Domhnall Mac Síthigh, (scríbhneoir), Liam Holden (ealaíontóir) agus Breanndán Ó Mhuircheartaigh (saor cloiche).
Tháinig an t-amhránaí Glen Hansard leo ar chuid den turas.
Dúirt Dónal gur “eipic” a bhí san aistear agus go bhfuil sé ag iarraidh “críoch cheart” a chur leis an togra leis an fhadscannán Camino by Sea.
Fiú mura féidir leat airgead a chur ar fáil, tá sé ag iarraidh go dtacódh daoine leis agus an scéal a scaipeadh.
Creideann Dónal go dtugann Indiegogo, agus a leithéid d’ardáin shlua-mhaoinithe, deis do scannánóirí am a chaitheamh lena gceird, gan a bheith gafa leis an iliomad airgeadaithe, dáillitheoirí agus dreamanna maoinithe ar gá a tharraingt orthu le scannán a dhéanamh sa lá inniu.
Tuilleadh eolais faoin tionscnamh iontach anseo.