Tá os cionn milliún euro déanta ag an scannán Gaeilge An Cailín Ciúin i bpictiúrlanna na hÉireann agus na Breataine agus é fós á thaispeáint sna pictiúrlanna cúig mhí ó eisíodh den chéad uair é.
D’éirigh go han-mhaith leis an scannán i bhféilte scannáin ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin ó taispeánadh den chéad uair é in Berlin i mí Feabhra na bliana seo agus bronnadh gradam i ndiaidh gradaim ar an saothar ag go leor féilte eile ó shin.
“ Is toradh den scoth é agus tá ríméad orainn gur ghlac an lucht féachana ar fud na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe an scannán seo chuige féin, mar a rinneamar féin. Is iontach an gaisce é do scannán ar bith breis is €1 milliún a bheith saothraithe aige, ach tá sé níos iontaí fós i bhfianaise chomh deacair is atá cúrsaí leis an margadh, agus é ag éirí níos deacra i gcaitheamh an ama.
“Míle buíochas do gach duine a tháinig amach chun breathnú ar an scannán speisialta seo agus do na pictiúrlanna ar fad as an tacaíocht dhaingean a thug siad dúinn. Comhghairdeas mór le Colm, Cleona agus an fhoireann go léir a d’oibrigh ar ‘An Cailín Ciúin’ as an gcloch mhíle shuntasach seo a bhaint amach,” a dúirt Nell Roddy agus Robert McCann Finn, comhbhainisteoirí Break Out Pictures.
Cuireadh an scannán chun cinn don rannóg ‘Príomhscannán Idirináisiúnta Is Fearr’ ag gradaim na nOscar a bheidh ar siúl i mí Mhárta na bliana seo chugainn. Fógrófar an gearrliosta sin go luath.
Insítear sa scannán scéal cailín óg a théann chun cónaí lena daoine muinteartha i Rinn Ó gCuanach sna 1980idí a fhad is atá a máthair ag súil le leanbh eile. Dráma casta, cigilteach is ea é faoi theacht in aois a dhéanann iniúchadh ar cheisteanna teaghlaigh, neamairt agus cumha trí shúile a phríomhcharachtair óig.