Spirited Away, My Neighbour Totoro, Princess Mononoke, The Wind Rises… is liosta le háireamh iad na sárscannáin bheochana atá léirithe ag an stiúideo iomráiteach Seapánach, Studio Ghibli.
Ar thús cadhnaíochta in earnáil dhomhanda na beochana le breis agus 30 bliain anuas, is iomaí duine a ndeachaigh a scannáin ghleoite i bhfeidhm orthu agus anois beifear in ann sult a bhaint as a gcuid cruthúchán ar bhealach nua.
Tá sé fógartha ag Studio Ghibli go bhfuil siad chun páirc mhór shiamsaíochta a oscailt bunaithe ar a scannáin in Nagoya na Seapáine.
Tuairscíonn The Hollywood Reporter go mbunófar an chéad chuid den pháirc ar an My Neighbour Totoro clasaiceach ón bhliain 1988.
Cheana féin tá macasamhail an tí inár chónaigh Satsuki agus Mei ón scannán ar an láthair agus tógfar an chuid eile den pháirc timpeall air.
Suíomh 200 heicteár a bheas ann agus meastar go mbeidh Páirc Studio Ghibli réidh agus oscailte don phobal ag tús na 2020í.
Tá bunaitheoir an stiúideo, Hayao Miyazaki (thuas), 76 bliain d’aois anois agus ar ais i mbun oibre i ndiaidh bheith ar scor – tá sé ag obair ar shaothar nua dar teideal Boro the Caterpillar.
Le díograis agus grá mar sin don ealaín, is cinnte go mbeidh an pháirc nua chomh hiontach céanna leis na scannáin.