Beidh deis ag pobal na hAraibe Sádaí scannáin a fheiceáil sa phictiúrlann den chéad uair ó 1982 i ndiaidh gur fhógair údaráis na tíre go gcuirfí deireadh leis an chosc reatha sa bhliain úr.
Dúnadh pictiúrlanna sa stát Arabach breis agus 35 bliain ó shin nuair a chuir an chléir Mhoslamach ina luí ar an teaghlach ríoga go raibh scannáin, agus na hionaid inar taispeánadh iad, ag imirt tionchar diúltach ar an daonra.
Deirtear áfach go bhfuil an prionsa Mohammad bin Salman Al-Saud ag iarraidh saol cultúrtha níos fearr a fhorbairt sa tír agus mar chuid de sin athosclófar na pictiúrlanna i Márta 2018.
Tagann an cinneadh seo sna sála ar an fhorógra ríoga a rinneadh ní ba luaithe i mbliana a thug cead tiomána do mhná den chéad uair.
Cé go bhfuil amhras ann faoi réimse na scannán a bheas ar fáil sna pictiúrlanna, dúirt urlabhraí ón Roinn Cultúir go bhfuil sé i gceist acu “siamsaíocht atá 99% ar aon dul lena bhfuil ar siúl i Londain agus i Nua-Eabhrac” a sholáthar.
Go gairid tar éis na fógartha thosaigh an haischlib #SaudiMovieTitles ag treochtú ar Twitter, daoine ag athrú teideal scannán go leagancha greannmhara a bhaineann leis an tír.
Is í oscailt na bpictiúrlann an dul chun cinn is mó in earnáil na scannánaíochta Sádaí ó seoladh Wadjda in 2012.
Ba é an chéad scannán riamh ón Araib Shádach ar ghearrliosta na nGradam Oscar don scannán is fearr i dteanga iasachta agus an chéad scannán ón tír ar stiúir bean, Haifaa al Mansour, é.