Point Break = scannán briste

Nach mise a bhí sásta liom féin nuair a d’ofráil NÓS an seans dom dul chuig roinnt réamhthaispeántais scannán, agus iad ag iarraidh orm léirmheas nó dhó a chur le chéile fána gcoinne.

Bím ag nochtadh mo chuid tuairimí ar bhonn laethúil mar atá – faoi scannáin, ceol, leabhair, cibé – ag cur ina luí ar dhaoine cé chomh heolach cultúrtha is atá mé.

Agus anois bheadh ardán agam do na tuairimí sin.

Beidh mé ionraic: bhí mé ag súil an tseachtain seo le ticéid fá choinne eipicí móra ó ghearrliosta na nOscar, nó scannán beag neamhspleách b’fhéidir.

Ar an drochuair domsa, áfach, ní shuíonn Point Break i gceachtar den dá rannóg sin.

Is athdhéanamh Point Break ar scannán clúiteach den teideal chéanna, ó 1991, a insíonn scéal ball nua den FBI a théann faoi cheilt i measc grúpa surfálaithe atá faoi amhras as bancanna a robáil.

Le Keanu Reeves, Patrick Swayze agus Gary Busey mar phríomhaisteoirí, tá tarraingt ar leith ag an chéad cheann sin, a fhad is nach nglacann tú go ródháiríre é.

Tá blas na 90í go smior ann.

Tá radhairc ann a chuireann i lár na surfála thú.

Idir sin is uile, agus cúpla casadh éifeachtach sa scéal, is scannán sultmhar go leor é.

A mhalairt ar fad atá fíor faoin athdhéanamh.

Cá háit le toiseacht?

point-break-2

Thiocfadh liom labhairt ar feadh i bhfad ar an phlota, atá chomh lán le poill is atá an loighic atá in úsáid ag Donald Trump na laethanta seo.

Nó, níos measa arís, thiocfadh liom labhairt ar an dialóg atá chomh briste áiféiseach sin nach gcreidfeá go dtiocfadh le duine fásta le pearsantacht agus inchinn é a scríobh.

Tá an líon focal atá ceadaithe agam don alt seo róbheag le bheith ábalta díriú ar achan laige.

Mar shampla, bheinn in ann leathanach iomlán a scríobh ar ghruaig uafásach an phríomhaisteora, Luke Brace.

Pointe beag, d’fhéadfá a rá, ach nuair atá scannán olc os do chomhair, tosaíonn achan uile rud ag cur isteach ort i ndiaidh tamaillín.

Leanann muid Johnny Utah (Luke Brace na drochghruaige), iarlúthchleasaí spóirt ghuaisbheartaíochta, atá tar éis a sheansaol a fhágáil ina dhiaidh agus a iompú ina ghníomhaire FBI.

Tá grúpa de shárlúthchleasaithe ag goid airgid agus seodra, is ag úsáid a gcuid scileanna ar leith le héalú ó fhórsaí an dlí; ní fada go dtéann Utah sa tóir orthu.

Gan mhoill, foghlamaíonn muid go bhfuil an grúpa sin ag tabhairt faoi na heachtraí sin ar fad ar mhaithe le ‘nirvana’ spioradálta éigin a bhaint amach.

Is téama mór é sin sa scannán: nasc spioradálta a chruthú leis an nádúr trí éachtaí spóirt ghuaisbheartaíochta a chur i gcrích.

Thiocfadh dó go mbeadh poitéinseal ina leithéid de théama, ach cuirtear faoi chaibidil é ar dhóigh pháistiúil, gan chiall, i Point Break.

point-break-3

Níl leanúnachas ar bith sa phlota – ní féidir é a chreidbheáil, ar leibhéal ar bith.

Ní raibh a fhios ag an stiúrthóir, Ericson Core, cé acu bhí sé ag iarraidh scannán faoi ghníomhaire FBI a dhéanamh, nó scannán faoin nasc idir an corp daonna agus an domhan nádúrtha.

Sa deireadh, theip air sa dá iarracht.

Bhí an stiúrthóir seo falsa, agus is iad an lucht féachana atá thíos leis sin.

Ní fhéadfainn críochnú gan trácht a dhéanamh ar na mná sa scannán.

Áilleagáin atá iontu, iad caite isteach anseo is ansiúd ar mhaithe leis na céadfaí a ghriogadh.

Is cúis éadóchais go bhfuil ráchairt fós ar a leithéid de léiriúchán aontoiseach maslach sa bhliain 2016.

Ná bacaigí le Point Break.

Creidigí mé nuair a deirim gurbh fhearr liom amharc ar dhá uair a’ chloig de Rebellion

SCÉALTA EILE