Precinct Seven Five (15)
Scannán faisnéise le Tiller Russell, a insÃonn scéal Michael Dowd, péas as Nua-Eabhrac a chuaigh i dtreo an oilc.
In 1993 shuÃgh Dowd sÃos os comhair na n-údarás agus d’admhaigh sé an uile rud.
Bhà an fear seo gnÃomhach i limistéir Brooklyn idir 1982-1992, tréimhse thar a bheith foréigneach agus corraitheach de chuid na cathrach.
Mar a bheadh coirpeach i gculaith phóilÃn ann, cuireann Dowd, ar scéalaà maith é, sÃos ar a luathbhlianta ar an stádar i mBrooklyn agus ar a shaol ar an taobh tuathail.
Dinnéar gliomaigh agus cúpla céad dollar ba thoradh ar a chéad ghnÃomh ach nÃorbh fhada go raibh sé ag comhoibriú le duine de na drongadóirà ba mhÃchlúità ón am sin Adam Diaz, a ghlacann páirt sa scannán fosta.
Bà ag súil le meascán d’ábhar faisnéise, fÃsfhaire, agallaimh agus grianghraif ón am a léirÃonn Nua-Eabhrac mar a bhà sÃ.
Paper Towns (12)
Saothar teacht-in-aois é seo, bunaithe ar leabhar mór le John Green faoin teideal céanna.
Tá an scéal timpeallaithe ar Quentin, curtha i láthair ag Nat Wolff, agus a chomharsa bhéal dorais, Margo, a bhfuil sé i ngrá léi.
Tar éis don bheirt oÃche eachtrúil a chaitheamh i dteannta a chéile, téann Margo ar iarraidh agus fágtar faoi Quentin agus faoina ghrúpa cairde é teacht uirthi.
Cara Delevingne atá i bpáirt Margo agus cé go bhfuil an scannán ag tarraingt meascán de thuairimà sna meáin go dtà seo, dóibh siúd ar mhaith leo an t-iarmhainicÃn a fheiceáil ar an scáileán mór, beidh sibh tógtha faoin scannán seo.
Seolfar Paper Towns i bpictiúrlanna na tÃre amárach (Dé Luain).