Rath an Ocrais

Ó Cannes go Baile Átha Cliath, bhain saothar Steve McQueen an anáil den lucht feachána fud fad na cruinne.

Ón chéad radharc, tarraingtear an bréathnóir go hiomlán isteach i scánnan atá in amanna chomh mealltach agus atá sé scáfar, ach gan amhras a théann i bhfeidhm go láidir mar sin féin.

Agus ba chosúil nach raibh aon easaontas i measc criticeoirí ar an phointe sin; d’éirigh leis duais i ndiaidh duaise a bhuachan ar na mallaibh ag gradaim IFTA, gan trácht ar fhéile scannánaíochta Cannes, ar a raibh an première aige i mí na Bealtaine anuraidh.

Insíonn Hunger scéal Bobby Sands, óglach de chuid an IRA a fuair bás ar stailc ocrais 28 bliain ó shin i bpríosún na Ceise Fada, gar do Lios na gCearrbhach.

Bunaithe ar laethanta deireanacha a shaoil, leanann an scannán Sands (Michael Fassbender) agus a chuid comrádaithe mar a throideann siad ar son stádais pholaitiúil, i gcoinne na gcoinníollacha taobh istigh de na H-blocanna, na buailtí laethúla a thugtar dóibh agus ar aghaidh go dtí cinneadh an phríomhcharachtair le dul ar stailc ocrais.

Léirítear dúinn na cúiseanna a raibh an oiread paisin ag na príosúnaithe is a bhí, agus ag an am céanna tugann sé léargas ó thaobh na n-oifigeach príosúin, mar a throid siad leis na mothúcháin a bhí ag cuid acu féin, agus an gníomh gránna a bhí ar bun acu.

Rud amháin nach ndéanann an scannán seo ná dul isteach go domhain sa pholaitíocht.

Ní plé é ar cé acu trodaire saoirse nó sceimhlitheoir a bhí i Sands, ní insítear dúinn cén fáth ar cuireadh i bpríosún é fiú, ach cuirtear fírinne gharbh shearbh an dá thaobh i láthair; brúidiúlacht agus comrádaíocht mar aon, agus fágtar an breithúnas ag an bhreathnóir, go dtí nach bhfuil fágtha ach scéal nach mór é a fheiceáil.

I radharc amháin tochtmhar, amharcann muid ar na hiarrachtaí a dhéanann sagart óg cinneadh Sands le dul ar stailc a athrú.

Ar feadh 10 bomaite gan aon bhriseadh sa radharc, labhraíonn an bheirt fhear ar a n-óige, na slite difriúla a thóg siad, agus faoi dheireadh, ar an chinneadh atá Sands i ndiaidh a dhéanamh.

Is comhrá é a théann i bhfeidhm go mór ort, mar is as sin amach a bhíonn Sands ar meathlú, an chéad chéim dó ar shlí na fírinne.

Ar feadh cuid mhaith den scannán, níl caint nó comhrá ar bith ann fiú, ach in amanna níl gá leis; is leor an salachar, an foréigean agus an tragóid le tionchar a imirt ar an lucht féachana.

Ní mór an t-iontas é mar sin gur bronnadh an duais Camera d’Or, ceann de na duaiseanna is airde sa tionscáil ar Hunger ag féile scannánaíochta Cannes.

Tugtar an duais go speisialta do dhaoine a rinne scannán den chéad uair, ach ní raibh gach duine sásta leis an rogha.

Lochtaíodh McQueen faoin bheith ag glóiriú chúis na stailceoirí ach chosain na moltóirí an cinneadh, ag rá gur scannán é “faoi na rudaí a dhéanann daoine nuair atá siad faoi bhrú géar”.

Thug an stiúrthóir féin freagra ar an cheist, ag rá go raibh coinníollacha sna H-blocanna san am sin chomh holc le Bá Ghuantánamo nó príosún Abu Ghraib sa lá atá inniu ann.

Go deimhin, ní hé Hunger an chéad scannán Éireannach a raibh conspóid bainte leis ag Cannes. Nuair a taispeánadh Some Mother’s Son in 1996, dúradh nár cheart “clú a tharraingt ar  sceimhlitheoirí” ach anois cuimhnítear é mar cheann de na scannáin is cumhachtaí le teacht amach as an tír.

Bhí tuilleadh ratha ag Hunger ar Lá Fhéile Vailintín i mbliana nuair a bhain sé 6 dhuais ag na gradaim IFTA (Irish Film & Television Awards), ‘An Scannán Is Fearr’ agus ‘An tAisteoir Is Fearr’ do Fassbender san áireamh.

Táthar ag súil nach é seo an duais dheireanach don aisteoir óg, ar as Ciarraí ó dhúchas é, mar sin is cinnte go gcluinfidh tú an t-ainm i bhfad níos minice i ndomhan Hollywood san am atá le teacht.

Is léir fosta go bhfuil todhchaí gheal á cruthú di féin ag earnáil scannánaíochta na hÉireann trí chéile.

Is é Hunger an tríú scánnán le bua a bhreith ag Cannes le cúpla bliain anuas; anuraidh bhí bua ag The Wind that Shakes the Barley agus roimhe sin bhí ag an scannán Garage.

Má bhí scannán Éireannach ann ariamh a léiríonn stair an phoblachtánachas ar dhóigh ealaíonta neamhchlaonta, is é Hunger an scannán.

Ní chuireann sé barúil nó dearcadh áirithe amháin in iúl don bréathnóir, ach ina áit sin tugann sé tuairisc ar cad é a tharlaíonn nuair a bhuaileann dhá thaobh le chéile i gcoimhlint nach bhfuil ceachtar acu réidh a ghéilleadh.

Ar thaobh amháin tá grúpa a bhfuil creideamh chomh neartmhar acu go bhfaighfidh siad bás ar a shon, agus ar thaobh eile tá dream ann a bhfuil dualgas acu dlí agus ord a chur i bhfeidhm agus é a choinneáil thar dhaoine a bhfuil fíor-ghráin acu orthu.

Saothar cumhachtach atá ann, grafach b’fhéidir, ach go dtí go n-amharcann tú féin ar an scannán ollrathúil seo, ní fheicfidh tú go díreach cén fáth ar bronnadh na duaiseanna ar fad air.

Fagtar mé féin, agus chuirfinn geall go leor eile, ag smaointiú cén fáth nach bhfuair sé trácht ag na hOscars.

SCÉALTA EILE