Is beag atá ar eolas ag an domhan mór faoin Ghraonlainn, ceann de na náisiúin is iargúlta ar chlár na cruinne.
Is lú fós an t-eolas a bheadh ag an mhórchuid againn ar a teanga dhúchais, ná ar an tionchar cumhachtach a bhà ag banna ceannródaÃoch amháin ar fhéiniúlacht agus ar mhuinÃn a cainteoirÃ.
Sa bhliain 1973 bhà an Ghraonlainn mar chuid de RÃocht na Danmhairge ar feadh 250 bliain.
Nà raibh aon oideachas foirmiúil trÃú leibhéal ar fáil do mhuintir na tÃre agus b’éigean d’ógánaigh Ghraonlannacha aghaidh a thabhairt ar Chóbanhávan, 4,000km ar shiúl, chun leanúint lena scoláireacht.
B’ann a chas na mic léinn Malik Høegh agus Per Berthelsen ar a chéile ag tús na 70à agus gur bhunaigh siad Sumé, an chéad bhanna rac is roll Graonlainnise riamh.
DhÃrigh a n-amhráin ar an éagóir shóisialta ar ais ar a bhfód dúchais agus spreag siad úsáid a dteanga féin – teanga Ionúiteach nach raibh fiú focal ann ar ‘réabhlóid’ ag an am agus a bhà faoi scáth na Danmhairgise le fada.
Gan mhoill bhà ceol Sumé á chasadh ar fud na Graonlainne agus ba é a bhà mar fhuaimrian ag na chéad agóidà a reáchtáil pobal óg na tÃre ar son neamhspleáchais ó rialtas na Danmhairge.
40 bliain ina dhiaidh tá féinriail anois ag an Ghraonlainn agus tá an teanga á labhairt ag formhór an phobail, a bhuà sin, cuid mhór, le teachtaireacht Sumé.
Chun an chaibidil spéisiúil spreagúil seo i stair na Graonlainne a cheiliúradh, tá scannán faisnéise eisithe a insÃonn scéal an bhanna.
Leanann Sumé – Mumisitsinerup Nipa / Sumé – The Sound of a Revolution bunú an ghrúpa agus an bealach a las a gcuid liricà agus a bhfuaim chomhaimseartha splanc na polaitÃochta agus na hathbheochana teanga sa tÃr is tuaisceartaà ar domhan.
Tá atmaisféar na tréimhse corraithà le mothú go tréan sna sean-phÃosaà scannáin agus nà féidir ach smaoineamh, agus tú ag amharc air, go bhfuil teachtaireacht fhrith-choilÃneach Sumé chomh hábhartha anois agus a bhà riamh.
Rud amháin atá soiléir ón scannán: Má tá tú ag iarraidh cultúr a neartú agus réabhlóid teanga a chur ar bun, tá sé riachtanach bannaà comhaimseartha bheith agat a chanann i do theanga féin.
Tá Sumé – Fuaim Réabhlóide ar taispeáint faoi láthair ag Féile Idirnáisiúnta Scannán BheirlÃn, agus tá tuilleadh eolais faoin scannán ar thesoundofarevolution.com