Réalta Chúil Aodha…
& léargas fíor ar an imirce in 'Brooklyn'

Bhreathnaigh Caitríona Ní Chadhain ar ‘Brooklyn’ aréir agus labhair sí le hamhránaí Chúil Aodha, Iarla Ó Lionáird, faoina ról sa mhórscannán, atá ar taispeáint i bpictiúrlanna na tíre faoi láthair.


Tá ceist amháin ag croílár Brooklyn a d’aithneodh go leor Éireannach thíos tríd na glúine.

Is é sin an rogha idir saol a thógáil in Éirinn nó an t-aistear a dhéanamh thar lear – go dtí soilse geala Nua-Eabhrac i gcás Eilis, curtha i láthair ag mór-aisteoir Éireannach na huaire Saoirse Ronan.

Insítear scéal an scannáin dúinn trí shúile an chailín óig seo as Loch Garman a imíonn anonn tar éis di cúnamh a fháil óna deirfiúr.

Cé go bhfuil sí i bhfad ó bhaile, tá an ceangal sin lena háit dhúchais i gcónaí go láidir ina croí.

Is follasach an méid sin nuair a bhíonn Eilis ag cuidiú le daoine béile Nollag a ullmhú do Ghaeil bhochta an Úill Mhóir.

Is sa radharc seo a sheasann Iarla Ó Lionáird chun leagan binn den amhrán iomráiteach ‘Casadh an tSúgáin’ a chanadh.

Tá deacrachtaí na himirce le brath go láidir anseo agus uaigneas na bhfear ag am Nollag go mór i réim, iad ag machnamh faoin am atá caite agus faoina gcuid roghanna go dtí seo a thug i bhfad ó bhaile iad.

Is cuid lárnach tochtmhar d’fhuaimrian Brooklyn é an t-amhrán Gaeilge.

iarla

Ag labhairt dó le NÓS, dúirt Iarla nár theastaigh uaidh an pháirt a ghlacadh ar dtús, mar nach smaoiníonn sé air féin mar aisteoir ach go bhfuil sé an-bhródúil a bheith páirteach ann.

D’iarr údar an leabhair ar a bhfuil an scannán bunaithe, Colm Tóibín, go sonrach go dtabharfadh fear Chúil Aodha faoin ról, rud a thug spreagadh dó.

“Bhí áthas orm gur bhain siad an oiread úsáide as an amhrán, táim an-bhrodúil leis,” ar sé.

Is leagan neamhghnách de ‘Casadh an tSúgáin’ a chuireann an t-amhránaí clúiteach i láthair sa scannán.

“Is meascán de dhá leagan éagsúil é,” a mhínigh Iarla.

“Leagan Mhichíl Uí Dhomhnaill, a bhfuil foclaíocht aláinn Chúige Mumhan leis, agus leagan eile i stíl Chonamara, mar a bhí ag laoch sean-nóis na Gaillimhe, Seosamh Ó hÉanaí.”

Tá na liricí “Má bhíonn tú liom, bí liom a stóirín mo chroí” mar a bheadh macalla ar an gceist a bhfuil ar Eilis dul i ngleic léi sa scéal.

Saoirse

Tar éis di filleadh go hÉirinn i gcomhair sochraide, tá beirt fhear sa tóir uirthi.

Duine ar thit sí i ngrá leis i Nua-Eabhrac, agus stócach folláin sa bhaile a bhfuil a máthair ag iarraidh go rachadh sí leis.

An gcásóidh sí a droim ar fhear na hIodáile, fear ar thug sí gealltanas dó?

Tá post ann di anois in Éirinn agus roghanna saoil nach raibh aice roimhe a thabharfadh deis di a bheidh cóngarach dá muintir.

Déanann Saoirse Ronan an deighilt inmheánach seo a chur os ár gcomhair go grástúil.

Ní aon scéal úr é Brooklyn ach seasann sé amach mar gheall ar scoth na haisteoireachta, súil ghéar na ndearthóirí feistis, cumas scéalaí an stiúrthóra Jim Crowley a thugann léargas fíor dúinn ar an imirce, gan trácht ar ndóigh ar amhránaíocht bhinn laoch Chúil Aodha, Iarla Ó Lionáird!

Tá sé in am don phopchorn!