Reservoir Dogs, as Gaeilge

Fógraíodh le déanaí go mbeidh an Spúinse Gaelach ag bualadh na bpictiúrlann ag deireadh na míosa ach ní bheidh ort fanacht chomh fada sin chun scannáin Ghaeilge a fheiceáil ar an scáileán mór.

Dé Céadaoin seo, 11 Márta, sa Róisín Dubh eagróidh Pictiúrlann Bheag na Gaillimhe oíche ar leith ina dtaispeánfar 10 ngearrscannán inár dteanga féin mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.

I measc na scannán a bheas le feiceáil tá leagan Gaelaithe de na clasaicí Reservoir Dogs, Godfather II agus Casablanca, mar aon le heisiúintí nualéirithe Éireannacha.

11034893_375406942650308_5510535631813809653_n

Tá an ócáid a reáchtáil in éineacht le hOireachtas na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge agus táthar ag meas go mbeidh an-oíche i ndán don lucht féachana.

“Seinn é, a Shomhairle…”


Tosaíonn an Phictiúrlann Bheag ar 8in Dé Céadaoin 11 Márta sa Róisín Dubh, Gaillimh, agus tá ticéidí le ceannach anseo.

SCÉALTA EILE