Beidh an leagan Gaeilge den scannán faisnéise Oscar-ainmnithe, Rocky Ros Muc, á thaispeáint i bpictiúrlanna i mBéal Feirste agus i nGaillimh ag deireadh na míosa.
Bunaithe ar an leabhar le Rónán Mac Con Iomaire agus léirithe ag Below The Radar, insíonn Rocky Ros Muc scéal an dornálaí, Seán Ó Mainnín, a d’fhág Conamara sna 70í lena aghaidh a thabhairt ar chróite dornálaíochta SAM.
Tá an scannán ar fhadliosta na ngradam Oscar 2018 don phríomhscannán faisnéise is fearr agus thuill sé ardmholadh nuair a taispeánadh é i Nua-Eabhrac, Los Angeles agus Bostún le déanaí.
Beidh deis anois ag lucht féachana níos gaire don bhaile scéal an Mhainnínigh a fheiceáil ar an scáileán mór mar go mbeidh an scannán le feiceáil sa QFT, Béal Feirste, agus san Eye Cinema, Gaillimh, ón Aoine 24 Samhain.
Mar chuid de sin taispeánfar an leagan Gaeilge sa QFT Dé Domhnaigh 26 Samhain ag 6.10in agus san Eye Dé Máirt 28 Samhain ag 7.15in, ag a mbeidh seisiún plé ina dhiaidh le Rónán Mac Con Iomaire agus leis an léiritheoir Máire Bhreathnach.
“D’éirigh go han-mhaith leis an scannán ag na féilte ach tá an-áthas orainn anois go mbeidh deis ag lucht féachana na hÉireann é a fheiceáil sna pictiúrlanna,” arsa Máire.
“Fuair sé aischothú den scoth sna Stáit Aontaithe agus tá muid ag súil go mbeidh daoine sa bhaile chomh tógtha céanna le scéal mothúchánach an Mhainnínigh.”
Mar aon leis na léirithe sna pictiúrlanna táthar ag súil go gcraolfar Rocky Ros Muc ar TG4 i dtrátha na Nollag.
Ba i gcomhar le TG4, Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann, Bord Scannán na hÉireann, Údarás Craolacháin na hÉireann agus MG Alba a léirigh Below The Radar an scannán.
Is féidir theacht ar an eolas is déanaí faoi ‘Rocky Ros Muc’ ar a leathanach Facebook.