‘Rocky Ros Muc’

Agus an scannán faisnéise ‘Rocky Ros Muc’ á thaispeáint den chéad uair ag Féile Scannán na hÉireann i mBostún SAM an tseachtain seo, labhair NÓS le Máire Bhreathnach, léiritheoir an scannáin, lena thuilleadh a fháil amach faoi.


Bronnadh an mhórdhuais sa rannóg faisnéise ar an ghné-scannán Rocky Ros Muc ag Féile Scannán na hÉireann i mBostún an tseachtain seo, áit ar taispeánadh den chéad uair é.

Insíonn Rocky Ros Muc, ar léiriú é de chuid Below The Radar, scéal an dornálaí Seán Ó Mainnín, a d’fhág Conamara sna 70í le haghaidh a thabhairt ar na Stáit Aontaithe.

Ó thús fíor-umhal, chuaigh fear Ros Muc ar aghaidh chun an leibhéal is airde a bhaint amach i ndomhan na dornálaíochta.

Tháinig sé slán ón ghrád meáchan ba dhúshlánaí i stair na dornálaíochta agus deis faighte aige sa bhliain 1984 troid i gcoinne Mike McCallum do chorn an domhain.

Is ar leabhar Rónáin Mhic Con Iomaire faoin teideal céanna atá an scannán bunaithe.

Cíortar scéal an dornálaí laistigh agus lasmuigh den fháinne sa leabhar, a seoladh in 2013, agus is féidir amhlaidh a rá faoin scannán.

“Agus Rónán faoi agallamh againn cúpla bliain ó shin, thuig muid láithreach gur scéal iontach a bhí ann, agus go mbeadh an scéal seo ar dóigh ar an scáileán mór,” arsa Máire Bhreathnach, léiritheoir an scannáin.

“Dornálaí den chéad scoth a bhí in Seán Ó Mainnín – faoi dheireadh 1982, bhí sé áirithe mar sheaimpín na Stát Aontaithe ag Ring Magazine agus é chun cinn ar chuid de na dornálaithe ab fhearr a bhí ag troid ag an am.”

Ní scéal dornálaíochta amháin atá ar fáil san insint bheathaisnéise seo, áfach.

Bhí mangairí drugaí, smuigléirí gunnaí agus dornálaithe móra aitheanta eile fite fuaite i scéal Uí Mhainnín.

Tá cur síos, mar shampla, ar an tslí ar éalaigh Ó Mainnín ó ghreim Whitey Bulger chun craobh meánmheáchain éadrom Mheiriceá a bhaint amach in 1983 agus ar an bhaint a bhí ag mafia na hIodáile lena choinneáil amach as príosún.

“Is scéal níos leithne é,” arsa Máire.

“Scéal na himirce, scéal a scalann solas ar na deacrachtaí a bhaineann leis an saol thiar nuair a bhíonn do chroí thall.”


Beidh Rocky Ros Muc á thaispeáint ag féilte scannán ar fud na cruinne sna míonna amach romhainn. Craolfar é ar TG4 mí na Nollag seo chugainn.

Leanaigí an scéal is déanaí ar @RockyRosMucFilm

SCÉALTA EILE