Sárshaothar Ken Loach

Bhí Cogadh Cathartha na Spáinne ar ais sna ceannlínte an mhí seo nuair a d’fhógair Comhairle Mhaidrid go raibh siad chun sráideanna sa chathair atá ainmnithe in ómós do bhaill réimeas Franco a athainmniú. Más léargas glé ar an choimhlint fhuilteach sin atá uait, is fiú go mór breathnú ar an sárscannán seo…


Is fearr an aithne atá againne in Éirinn ar an stiúrthóir Sasanach Ken Loach mar gheall ar an scannán buach The Wind That Shakes The Barley agus an Jimmy’s Hall gleoite ná mar gheall ar an gcuid eile dá shaothar scáileáin ach tá go leor seod eile stiúrtha aige thar na blianta.

Ceann acu sin ná Land and Freedom ón bhliain 1995, scannán a phléann le casachtaí Chogadh Cathartha na Spáinne agus a thugann léiriú réalach ar an dioscúrsa a bhí ag dul ar aghaidh ina measc siúd a throid ar son na Poblachta agus in éadan Náisúntóirí Faisisteacha Franco siar sna 1930í.

Tosaíonn an plota in 1994 le bás David Carne, seanfhear as Learpholl a dtagann a ghariníon, Kim, ar ghrianghraif agus ar litreacha ón tréimhse a chaith sé ag troid san Ibéir.

I measc a chuid giuirléidí tá dornán de chré Spáinneach clúdaithe in éadach dearg.

Ón spléachadh siar a fhaigheann muid ar a shaol, tugtar le fios gur bhall idéalaíoch den Pháirtí Cumannach é David (Ian Hart) a thaistil amach le páirt a ghlacadh sa troid i gcoinne fhórsaí Franco, díreach mar a rinne thart ar 300 Éireannach ag an am céanna, fir a gcuimhnítear orthu san amhrán clúiteach faoi na Briogáidí Idirnáisiúnta ‘Viva la Quince Brigada’ de chuid Christy Moore.

Téann David isteach sa POUM, an grúpa réabhlóideach Marxach, i mBarcelona agus glactar an lucht féachana ar thuras leis agus é ag traenáil agus ag troid in éineacht lena chomrádaithe i gcoinne an Fhaisisteachais.

land-and-freedom-2

Tá cosúlachtaí ann idir scéal an scannáin agus leabhar íocónach George Orwell, Homage To Catalonia, agus de réir a chéile faigheann muid léargas ar an gcoimhlint inmheánach a tharla sa taobh Poblachtach, le scrios á dhéanamh ar mhílíste daonlathach David ag Cumannaigh Stalineacha a bhí ag iarraidh smacht a imirt ar aon ghrúpa le dearcadh nó cur chuige éagsúil.

Téann an príomhcharachtar ar aistear tuisceana le linn an scannáin agus tugann cúinsí an chogaidh air misneach áirithe a chailliúint, go háirithe tar éis do Blanca (Rosana Pastor), comhthródaí ar thit sé i ngrá léi, bás a fháil.

Ní chailleann sé a chuid prionsabal sóisialach áfach – creideann sé i gcónaí i maitheas an lucht oibre agus ina gceart chun smacht bheith acu ar a dtodhchaí féin, mar dhaoine aonair agus mar phobal.

Sa deireadh filleann sé ar Shasana le dornán cré dhearg agus ag críoch an scannáin ar fad feictear a ghariníon Kim ag scaipeadh na cré céanna ar a uaigh, a dorn san aer in ómós dá sheanathair.

Scéal cumhachtach faoi thréimhse chorrach i stair na hEorpa ó dhuine de shár-scannánóirí ár linne.

SCÉALTA EILE