Sárú ‘Pans Labyrinth’ cruthaithe ag del Toro ar deireadh

Bean bhalbh a thiteann i ngrá le hainmhí mara. Ní haon Mills and Boon é ach, aisteach go leor, agus tú ag coimhéad an scannáin is úire de chuid Guillermo del Toro (Pan’s Labyrinth, Pacific Rim) bíonn tú ar cholbha do chathaoireach ag guí le Dia go dtabharfadh sé póg di.

Bíonn nasc láidir ann i dtólamh ag saothar del Toro le finscéalta agus leis an uafás. Bíonn siad ealaíonta, físiúil agus álainn. Tá dúil ar leith aige in arrachtaí agus léiríonn sé mar shiombail den chumhacht agus láidreacht iad, agus is amhlaidh an scéal in The Shape of Water.

Tá an scannán suite i lár na 1960idí, in atmaisféar gruama, gránna agus iarsmaí an Dara Cogadh Domhanda fuar san aer. Thíos faoin talamh, tá turgnaimh á ndéanamh ag Arm Mheiriceá ar ainmhí mara (Doug Jones) a bhfuil cuma fhireann air ach eiteoga agus gainní air mar a bheadh ar rud éigin a d’fheicfeá ar an chlár Doctor Who.

Is é a namhaid, Strickland (Michael Shannon), ainmhí eile i gcraiceann daonna, atá i mbun na dturgnamh agus á chiapadh leis an lámh in uachtar a fháil ar na Sóivéadaigh. Dar leo gur féidir leo leas a bhaint as cibé cumhachtaí atá ag an ainmhí le cur le cumhacht na n-ainmhithe daonna.

Léiríonn Sally Hawkins an príomhcharachtar Elisa go hiontach le linn an scannáin agus í láidir agus leochaileach ag an am céanna. Is glantóir de chuid an Stáit í Elisa, atá ag obair in áit a bhfuil an t-ainmhí mara bocht i ngéibheann. Idir teanga chomharthaíochta agus an ceol, tuilleann sí muinín an ainmhí agus den chéad uair riamh ina saol mothaíonn sí go bhfuil sí ar comhchéim le duine eile, an bheirt acu ag déanamh cumarsáide, ní le focail ach le comharthaíocht agus nasc daonna an ghrá.

Tá téamaí idir ghrá, chogadh, chumhachtaí, chomhcheilg agus chumarsáid fite fuaite sa scéal seo, a léirítear ar bhealach fileata, ealaíonta, síodúil. Cé gur scannán rómánsúil é go pointe, bíonn sé gáirsiúil in amanna chomh maith agus tá foréigean go flúirseach ann freisin.

Mura bhfuil dúil agat i scannáin fantaisíochta seans nach é seo an scannán is fearr a thaitneoidh leat féin ach is fiú é a thriail nó tá doimhneacht ann nach bhfaightear go minic i scannáin an lae inniu.

De réir mar a smaointíonn tú air, tá foscéalta ann atá b’fhéidir chomh tábhachtach céanna leis an scéal ann féin agus níl aon stiúrthóir eile seachas del Toro in ann muid a thabhairt chuig na háiteanna dorcha sin agus muid a thabhairt slán arís agus an bhunteachtaireacht fágtha linn.

Má thaitin Pan’s Labyrinth leat, tá a mhacasamhail, nó seans a shárú, cruthaithe ag del Toro anseo ar deireadh thiar thall.

SCÉALTA EILE