Scannáin ‘Splanc!’

Beidh seacht gcinn de ghearrscannáin, a léiríodh faoin scéim ‘Splanc! 2016’, á dtaispeáint ag ócáid speisialta seolta in Institiúid Scannán na hÉireann (IFI), BÁC, an Luan beag seo, 14 Márta, ag 6.30in.

Seo an chéad taispeántas de ghearrscannáin ‘Splanc 2016’ a choimisinigh TG4 agus An Chomhairle Ealaíon i gcomhar le hIonad Scannánaíochta na Gaillimhe.

Agus spiorad an chomórtha 100 bliain faoi lán seoil, iarradh ar dhéantóirí scannáin oidhreacht ealaíon an Éirí Amach a phlé sa saothar nua leo.

Ar na scannáin a bheas ar taispeáint beidh Solas Céad Bliain, le Tadhg O’ Sullivan, a dhíríonn ar úsáid an tsolais in ealaín na hÉireann; Oíche Nollag na mBan, le hOonagh Kearney, a thugann léiriú físiúil ar dhán clúiteach Sheáin Uí Ríordáin; agus Ailiu Iarth na n-hErend, le Dónal Ó Céilleachair, bunaithe ar dhán an fhile Aimhirgin, an chéad dán Gaeilge riamh, deirtear.

Caitheann Bungalow Bliss, le Feargal Ward agus Adrian Duncan, súil ar ailtireacht na hÉireann; léiríonn Idir Neamh agus Talamh: Saothar William McKeown, le Pat Collins, obair an ealaíontóra iomráitigh as Tír Eoghain; breathnaíonn Allagóirí Chumhachta, le Megs Morley agus Tom Flanagan, ar thábhacht na ndealbh cloiche i stair na hÉireann; agus díríonn Imogen Stuart Dealbhóir, le Sharon Wooley, ar shaothar an dealbhóra Imogen Stuart.

dealbh

Scéim í Splanc a thacaíonn le tograí gearrscannán gach bliain agus a spreagann tallann úr in earnáil na scannánaíochta Gaeilge.

Bhí buiséad léirithe €12,500 curtha ar fáil do gach scannán agus maireann siad idir 3-5 bomaite ar fhad.

Craolfar na gearrscannáin mar chláir aonair ar TG4 idir Satharn go Luan na Cásca, ag tosú le Ailiu Iarth na n-hErend ag 7.45in.

Beidh Art Uí Bhriain, an t-ochtú agus an gearrscannán deireanach i sraith ‘Splanc!’ á chraoladh i mí Aibreáin agus beidh an t-iomlán ag dul amach mar shaothar fada amháin uair an chloig, ina dhiaidh sin.


Cuirfear tús le seoladh ‘Splanc!’ ag a 6.30in, in Institiúid Scannán na hÉireann, Dé Luain 14 Márta. Ticéid €10.50. Tuilleadh eolais anseo

SCÉALTA EILE