Déanta na fírinne, ní raibh mórán le déanamh ag Isle Of Dogs le dul i bhfeidhm orm. Scannán faoi mhadraí a stiúir Wes Anderson, a raibh Bryan Cranston agus Edward Norton sa gcliar ann mar mhadraí, agus é beoite íomhá ar íomhá le madraí i cuid mhór de na radhairc sin. Ní raibh ar an scannán seo ach cnámharlach scéil a inseacht agus thabharfainn scór maith dó. Ach déanann Isle Of Dogs é seo agus i bhfad níos mó lena chois.
Sna dá scannán a ndearnamé léirmheas diúltach orthu le gairid, Red Sparrow agus Ready Player One, bhí cliar den scoth iontu, ach ba é an fhadhb mhór a bhí iontu nár úsáid na scannáin sin a gcliar i gceart, ach ní fhéadfá an rud céanna a rá faoi chliar Isle Of Dogs. Tá mé cinnte go bhfuil liosta chomh fada le mo lámh d’aisteoirí ar mhaith leo oibriú le Wes Anderson, agus tá siad ar fad i mbarr a réime.
Tá sé deacair aisteoirí a ainmniú thar aisteoirí eile, ach shíl mé go raibh Bryan Cranston agus Edward Norton thar cionn. Is scil iomlán difriúil í an aisteoireacht ghutha leis an aisteoireacht scáileáin agus léiríonn an bheirt go bhfuil na scileanna sin acu agus tuilleadh. Níl ansin ach beirt ó chliar ollmhór aisteoirí cumasacha, iad ar fad i mbarr a réime, ach caithfidh mé Jeff Goldblum a lua chomh maith, díreach mar b’eisean a thug glór don mhadra ba bharúla.
Is scéal é seo atá lán grinn, mar a bheadh tú ag súil uaidh Anderson. Lonnaithe sa tSeapáin, sa gcathair fhicseanach Megasaki, tá ordú tugtha ag an Méara Kobayashi (Kunichi Nomura) chuile mhadra sa tír a dhíbirt go ‘Trash Island’. Téann buachaill óg, Atari (Koyu Rankin), amach chuig an oileán, agus é ar thóir a mhadra féin Spots (Live Shreiber) le paca madraí eile (Bryan Cranston, Edward Norton, Bill Murray, Jeff Goldblum, Bob Balaban).
Ní déarfaidh mé níos mó faoin scéal anseo, mar tá sé go hálainn, agus tá mé den tuairim gur cheart do chuile dhuine a bhreathnóidh air dul isteach chomh haineolach agus is féidir faoin bplota. Cé nach bhfuil aon rud sa scéal atá ceannródaíoch amach is amach, leis an méid grá a bhain le déanann an scannáin seo, tá sé tuillte acu siúd a rinne é go dtéann tú isteach gan an scéal ar fad agat.
Scríofa ag Kunichi Nomura le Anderson, tá go leor Seapáinise agus íomhánna ón tSeapáin sa scannán agus tá sé go haoibhinn le breathnú air. Tá na radhairc ar fad lán cruthaitheachta agus áilleachta, a leithéid nach bhfuil feicthe agam in aon scannán beochana eile, radharc amháin go háirid a sheasann amach dom. Radharc ina ndéantar béile sushi. Ní raibh a fhios agam go bhféadfadh rud chomh comónta dul i bhfeidhm orm an oiread sin, díreach ón gcaoi a ndearnadh scannánaíocht air, agus ón gcaoi ar beodh é.
B’fhéidir, mura lucht leanúna mór thú de chuid Wes Anderson, nach dtaitneoidh stíl an scannáin seo leat. Rinneadh ar an dul céanna é le go leor dá chuid scannán eile, agus tá a fhios agam go gceapann go leor daoine go bhfuil an stíl sin aisteach agus deacair le breathnú air. Ach mar dhuine a dtaitníonn stíl Anderson go mór liom, ceapaim go bhfuil sé seo ar cheann de na scannáin is fearr atá déanta aige go dtí seo. Tá sé barrúil, galánta, álainn agus caithfidh mé a rá gur thóg sé mo chroí.
Agus is imeartas deas focal é Isle of Dogs ar I Love Dogs.