Ar chéad chluinstin dom faoin scannán dornálaíochta beathaisnéise Bleed for This, is éard a rith liom ná, “Iontach! Scannán eile dornálaíochta a bheas ar nós gach ceann eile a tháinig roimhe.”
Bhí mé leath ag súil leis an tseafóid macho chéanna atá feicthe agam cheana, ach chinn mé ar sheans a thabhairt dó le meon oscailte, mar is cúram do léirmheastóir ar bith!
Agus nach maith gur thug mar gur scannán corraitheach fuinniúil é Bleed For This.
Tá Miles Teller i bpríomhpháirt Vinny “The Pazmanian Devil” Pazienza, dornálaí iomráiteach i Meiriceá (pic dubh agus bán thíos) a bhain an chraobh dhomhanda éadrom-mheáchain, mheán-mheáchain éadroim agus throm-mheánmheáchain sna h80idí.
Laoch spreagúil díograiseach é Vinny a dhéanann síorthroid laistigh agus lasmuigh den fháinne in ainneoin na gconstaicí a chuireann an saol mór roimhe.
I ndiaidh go mbuailtear go dona i dtimpiste bóthair é, tá amhras ann an mbeidh sé in ann siúl, gan trácht ar a bheith ag troid, arís.
Agus a mhuineál briste, cuirtear teanntán miotalach ar a chloigeann (gan aon pianmhúchán – ááááá!), rud a fhágann nach bhfuil sé ábalta a mhuineál a bhogadh.
Leanann muid Vinny trí na hamanna is dúshlánaí ina shaol agus is é an rud is mó a sheasann amach ná an misneach atá aige.
Beag beann ar chomhairle na ndochtúirí agus na saineolaithe, téann sé ar ais chuig an ghiom agus tosaíonn sé ag tógáil meáchan agus ag iarraidh é féin a dhéanamh réidh don chéad troid eile.
Leathbhádóir iontach é a thraenálaí Kevin Rooney (Aaron Eckhart) a bhí ar thuras leasa dá chuid féin i ndiaidh dó bata agus bóthar a fháil ó Mike Tyson de dheasca é a bheith ag ól barraíocht.
Tá sárfhoireann aisteoirí páirteach sa scannán: is ar éigean a d’aithneofá Ciarán Hinds (ar chlé) mar athair Vinny.
Tugann sé taispeántas iontach uaidh agus is furasta é a shamhlú i gcuideachta Tony Soprano.
Fear láidir é atá mothúchánach agus iontach cosantach faoina mhac.
Léiríonn sé daonnacht agus nádúr a shamhlófá le teaghlach traidisiúnta Iodálach.
Don té atá ag mothú leochaileach, tá an scannán tromchúiseach in áiteanna.
Is furasta a bheith ag mothú míchompordach in amanna ag amharc air, go háirithe nuair atá cuma an-duairc ar chúrsaí don fhear bhocht.
Más féidir na codanna troma a sheasamh, geallaim go bhfaighidh tú tógáil croí ar deireadh.
Scannán draíochtúil, físiúil, ealaíonta atá anseo a thabharfaidh peirspictíocht úr duit ar do shaol féin, mar aon le hardú meanman agus dóchas úr gur féidir an ceann is fearr a fháil ar dheacrachtaí an tsaoil.
Le script láidir ó Ben Younger agus aisteoireacht den scoth ó thús deiridh, is cinnte go mbeidh an scannán seo i measc na n-ainmniúchán do ghradaim na bliana seo.