Is aoibhinn liom scannáin a dtéann lucht a ndéanta sa tseans dóibh. Fiú amháin má thiteann an tóin as an scéal leath bealaigh tríd nó má bhíonn gnéithe den scéal nach bhfuil aon chiall leo, má tá rudaí ann nach bhfuil feicthe agam cheana, ní bheidh mé leath chomh dian air, go háirithe scannáin a gcaitear na milliúin orthu.
Is mar gheall air sin gur breá liom an scannán Black Panther, an 18ú (!) scannán i sraith Marvel. Tá sé difriúil, tá sé uathúil agus cé go bhfuil an scéal lag agus míshlachtmhar in áiteanna, bhain mé an-taitneamh as.
Tá an oiread sin gnéithe sa scannán seo atá eisceachtúil. Idir an príomhcharachtar T’Challa (Chadwick Boseman), atá ag streachailt leis an bhfreagracht a thagann le ceannaireacht tar éis dó teacht i gcomharbacht ar a athair mar rí, agus na rógairí Ulysses Klaue (Andy Serkis) agus Killmonger (Michael B. Jordan), atá dainséarach agus mistéireach, tá an aisteoireacht ar fad thar cionn. Go háirithe Michael B. Jordan, a shocraigh Killmonger a léiriú mar dhuine réchúiseach, staidéarach, nuair a bheadh sé chomh héasca céanna air dul thar fóir leis agus aithris a dhéanamh ar Heath Ledger in The Dark Knight, mar atá déanta ag go leor aisteoirí eile i bpáirteanna atá cosúil leis.
Ar comhchéim le haisteoireacht Jordan, tá Letitia Wright i bpáirt Shuri, deirfiúr T’Challa, a thugann léi gach uile radharc ina bhfuil sí ann lena cumas grinn agus lena croí, Lupita Nyong’o i bpáirt Nakia mar an spiaire mealltach agus Danai Gurira i bpáirt Okoye, an saighdiúir fíochmhar, bródúil.
An dara gné de chuid Black Panther a chuireann leis ná na híomhánna atá curtha chun cinn ag an stiúrthóir Ryan Coogler. Tá na seiteanna ar fad thar a bheith cruthaitheach agus tá na héifeachtaí speisialta thar cionn. Tá an domhan atá cruthaithe ag Coogler anseo chomh difriúil le haon domhan eile as scannáin Marvel. Meascann sé seanchas ó threibheanna na hAfraice le teicneolaíocht choimhthíoch ar bhealach nádúrtha agus réalaíoch.
Breathnaíonn an tír rúnda Afracach Wakanda ar nós fíorchathrach a bhféadfá cónaí ann, spáslonga agus srónbheannaigh thraenáilte san áireamh. Bhain radhairc eile an anáil díom — radhairc a thaispeánann an tír timpeall ar chathair Wakanda, a taifeadadh i dtíortha éagsúla san Afraic.
Mar chúlra do na radhairc éachtacha sin, tá an tríú gné is fearr: fuaimrian den scoth. Léimeann an scannán ó radharc amháin go radharc eile ar nós liopard ag léimt ó chrann go crann, agus coinníonn amhráin de chuid Kendrick Lamar agus The Weeknd, measctha go galánta le ceol Ludwig Göransson, an rithim leis, an bealach ar fad tríd. Tá an t-albam á chasadh agam seasta ó d’fhág mé an phictiúrlann agus is píosa ealaíne ann féin é.
Nuair a thagann an trí ghné sin le chéile, níl a sárú le fáil. Is é an trua é nach dtagann siad le chéile sách minic le scannán speisialta ceart a dhéanamh de. Tá radharc amháin ann atá lonnaithe sa gCóiré Theas, agus d’fhág sé mé le mo bhéal ar leathadh chomh mór sin, go bhféadfadh fíorphantar léimt siar mo scornach. Fuair an scéal beagán ró-cliché dom ina dhiaidh sin, ach má tá tú in ann é sin a scaoileadh tharat, mar a scaoil mise, bainfidh tú an-sult as an scannán seo. Is scannán craiceáilte é a chuir i gcuimhne dom na sraitheanna leabhar Flash Gordon agus The Phantom in áiteanna agus The Lion King agus James Bond in áiteanna eile. Scannán difriúil é seo le beocht agus spiorad ann nach féidir a lochtú.