Tá sé intuigthe i scannáin móra faoi láthair go gcaithfidh tú scríobh faoi chruinní éagsúla atá cosúil leis an áit ina maireann muid féin, ach thosaigh sé seo amach i mo thuairimse, leis an scannán Into The Spider-Verse in 2018. Tháinig an scannán sin amach, agus d’athraigh sé go leor ó thaobh céard is féidir a dhéanamh le scannáin ó scéalta coimicí, agus ó scannáin bheochana.
Scannán den chéad scoth é Into The Spider-Verse, ceann ar thit mise i ngrá leis ar an bpointe, ó dhuine a léigh na céadta coimicí Spider-Man agus mé i mo dhéagóir, bhí sé díreach ar nós gur léim na carachtair a bhí aithne chomh maith sin agam orthu ó na leathanaigh go dtí an scáileán mór. Bhí an ealaín a bhain leis dochreidte, bhí an scéal lán le brí, croí agus greann, agus bhí an aisteoireacht ar fad thar cionn.
Ní bhíonn aon scannán gan locht, ach sílim féin go bhfuil Into The Spider-Verse gar go maith dó. Mar sin, ar nós duine de lucht leanúna Charles Dickens in 1861, shiúl mé thrí Clapham Common ar lá samhraidh in London le mo cheann lán le Great Expectations. Le bheith baileach, tá an phictiúrlann is gaire dom in Clapham Common, agus chuaigh mé ann le breathnú ar an dara scannán sa tsraith Across The Spider-Verse agus bhí mé ag súil go mór leis. Agus tháinig an leabhar Great Expectations amach in Iúil 1861. Oibríonn sé mar mheafar mura gcuimhníonn tú an iomarca air.
Ach cén chaoi an mbeadh an scannán seo, agus cúig bliana caite agam ag fanacht leis, leath chomh maith leis an chéad cheann? Níl baol ann go bhféadfadh sé a bheith chomh maith leis an scannán a bhí agam i mo cheann an bhféadfadh? Bhuel, tosaíonn an scannán gar do dheireadh an chéad chinn, le Miles Morales (Shameik Moore) ag déanamh a dhícheall mar Spider-Man agus mar scoláire ar an meánscoil, sula dtagann a chara Gwen Stacey nó Spider-Gwen (Hailee Steinfeld) ar cuairt aige agus tarraingíonn sí leis é ar eachtra le na céadta Spider-Men eile ar an mbealach, ina measc Spider-Man 2099 (Oscar Isaac) Spider-Punk (Daniel Kaaluya) agus Peter B. Parker (Jake Johnson).
Nílim ag iarraidh níos mó a rá faoin scéal, mar nílim ag iarraidh aon rud níos mó a mhilleadh faoi, agus táim cinnte nach bhfuil sa gcur síos sin ach raiméis, go háirithe mura bhfuil an chéad scannán feicthe agat. Mholfainn go mór breathnú ar an chéad scannán nó ní bheidh tuairim agat céard atá ag tarlú má théann tú ag breathnú ar an gceann seo.
Agus ba chóir duit dul ag breathnú ar an gceann seo, mar tá sé ar bhealach éigin, níos fearr ná an chéad cheann. Is éacht ollmhór é go bhfuil ciall ar bith leis an scannán agus an méid atá ag tarlú ann, agus leis an méid carachtair nua atá fite fuaite tríd. Tá na carachtair ar fad bríomhar agus réalaíoch i ndomhan atá chomh neamh réalaíoch is a thagann sé, go háirithe Spider-Punk. Tá sé barrúil, agus tá an téama atá ceangailte leis chomh héifeachtach. Tá an aisteoireacht iontach, ó gach aisteoir, go háirithe Daniel Kaaluya i bpáirt Spider-Punk.
I gcomparáid leis an aisteoireacht gutha ó roinnt aisteoirí a luaigh mé an tseachtain seo caite (ag breathnú ortsa Daveed Diggs), tá an chliar seo ar leibhéal eile uilig, níor aithin mé Kaaluya fiú go dtí deireadh an scannáin. Tá na héifeachtaí agus an bheochan thar cionn agus thug mé suntas arís eile do Spider-Punk, a beodh ar shlí dhifriúil leis na carachtair eile, mar go bhfuil a mheon chomh difriúil le meon na gcarachtar eile. Is fiú a rá freisin, go bhfuil Bratach na Breataine ar an gcarachtar seo, agus ina ainneoin sin tá sé fós ar an gcarachtar is fearr.
Agus seo i measc gach rud eile atá eisceachtúil faoin scannán. Na haisteoirí eile, an ceol, na dathanna agus araile. Tá sé ar fad thar cionn. An t-aon fhadhb bheag a bheadh agam ná go gcríochnaíonn sé agus neart den scéal fós fágtha le n-inseacht. Déarfainn go bhfuil an locht orm féin anseo, mar nuair a chuaigh mé ag breathnú air, ní raibh fios agam go raibh scannán eile fágtha sa tsraith. Ach sin é an t-aon rud. Thosaigh an tsraith seo amach le scannán gan locht, agus tá Across The Spider-Verse níos fearr arís. Táim ar bís don chéad cheann eile.