Ba le fada an lá a bhíothas ag fanacht le scannán ina ndeachthas i ngleic leis an nGorta Mór. Bhí comhfhreagras fada ann idir an t-údar Árannach, Liam Ó Flaithearta, agus a chol ceathrair in Hollywood, an scannánaí John Ford, faoi leagan scannáin a dhéanamh dá leabhar Famine, rud nár fíoraíodh.
Fágadh scéal an Ghorta Mhóir i leataobh ar feadh i bhfad, go dtí go ndearnadh Black ’47 dhá bhliain ó shin — scannán a bhí measartha maith ach a raibh droch-Ghaeilge agus an iomarca den ‘Rambochas’ ann.
A fhad is a bhí Black ’47 á dhéanamh, áfach, bhí Tomás Ó Súilleabháin i mbun pinn. Arracht toradh na hoibre sin, scannán cumhachtach atá lonnaithe in aimsir an Ghorta Mhóir ach gan é a bheith go sonrach faoin nGorta Mór.
Scéal duine atá in Arracht, scéal a d’fhéadfaí a inseacht i ré ar bith de stair an chine daonna ach atá lonnaithe an geábh seo sa tréimhse chorraitheach uafásach sin i stair na hÉireann. Agus é i ról Cholmáin Sharkey, tá an aisteoireacht is fearr atá déanta aige fós déanta ag Dónall Ó Héalaí. Chaill sé suas le 25 cileagram don ról, ach ba é an chuma spíonta seargtha a chuir sé ar a shúile agus ina ghlór a chruthaigh íomhá an fhir seargtha spíonta sceanta i gceart.
Is léir nach raibh airgead mór ag lucht déanta an scannáin, ach níor theastaigh sé ar chor ar bith le scannán chomh cumhachtach leis seo a dhéanamh. Tá bithiúnach soiléir amháin sa scannán — duine de na carachtair daonna — ach baineadh úsáid as dhá ‘bhithiúnach’ eile a bhí i bhfad Éireann níos scanrúla: dúchán na bhfataí agus tírdhreach Chonamara féin.
Bhuail an Gorta Mór an tír uilig, nach mór, idir 1845 agus 1849, agus d’fhéadfaí an scéal seo a inseacht i gceantar ar bith ar fud na hÉireann. Ach cuireann cinneadh an stiúrthóra an scannán a lonnú i gCeantar bánaithe duairc na nOileán go mór leis an mothú truamhéalach ó thús deireadh an scannáin. Fiú sna radhairc tosaigh, sular tháinig an dubh ar na fataí, ba léir gur crua an saol a bhí ag na daoine seo agus iad ag iarraidh a mbeatha a fháisceadh ach clocha glasa na Gaillimhe.
Údar gliondair gan choinne a bhí i Saise Ní Chuinn, aisteoir óg nach bhfacthas ar an scáileán mór go dtí seo. Agus í i ról Chití, cailín óg a fhágtar ar an ngannchuid le linn an Ghorta Mhóir, tugann sí idir údar gáire agus trua don lucht féachana. Is annamh an rud aisteoir óg chomh nádúrtha léi agus tá an caidreamh a léirítear idir Cití agus Colmán inchreidte agus inspioráideach. Bímis ag súil le tuilleadh de Shaise a fheiceáil amach anseo.
Locht mór a bhí ar Black ’47 agus Kings roimhe ná go rabhthas ag iarraidh a chur in iúl gur i gConamara a bhí na scéalta sin ag titim amach, ach go ndearnadh neamhaird iomlán ar aisteoirí cumasacha na Gaeltachta agus tugadh isteach daoine a raibh breac-Ghaeilge acu nó gan Gaeilge ar bith acu. Bhí caighdeán na Gaeilge chomh dona sin sna scannáin seo gur dheacair ar dhuine an t-amhras a dhíbirt don chuid eile den scéal.
Ní hamhlaidh atá i gcás Arracht. Tá togha na Gaeilge ag na haisteoirí uilig, go leor acu ar cainteoirí dúchais as an áit iad, agus cé nach í Gaeilge na linne í (rud a bheadh ionainn is dódhéanta a dhéanamh), cuireann an saibhreas cainte go mór leis an scannán trí chéile, murab ionann agus na scannáin eile nuair a tharraing an daibhreas cainte aird an lucht féachana.
Má tá locht ar bith ar an scannán, baineann le mionphointí sa scéal féin. Níl a fhios agam ar gearradh roinnt radharc den leagan deireanach den scannán ach bhraith mé gur léim an scéal ó phointe go pointe róthapa ó am go chéile agus gur fágadh cinntí nó cúlra na gcarachtar gan míniú sásúil go minic.
Ar an iomlán, scannán láidir cumhachtach atá in Arracht agus scannán ar cheart do gach Éireannach a fheiceáil.