Tá go leor scannáin feicthe agam i rith mo shaoil. Scannáin mhaithe agus drochscannáin. Scannáin uafásacha agus scannáin iontacha. Scannáin a chuir fearg orm agus scannáin a chuir áthas orm. Scannáin a d’ardaigh mo chroí agus scannáin a bhris é. Agus ansin bhí na scannáin nach raibh éifeacht ná tionchar ar bith acu orm, na scannáin is measa i mo thuairimse.
Ach ní cuimhin liom aon scannán atá feicthe agam agus mé ag scríobh don iris seo, ná roimhe, a d’fhág mé ag ceistiú chuile shórt i mo shaol go dtí go bhfaca mé Dumbo, scannán nua Tim Burton.
Anois, tá a fhios agam, bím tugtha don áibhéil anseo ó am go chéile, ach oíche an scannáin, bhí mé i mo luí siar sa leaba ag smaoineamh air, agus rith rud éigin liom nár imigh as mo chloigeann ó shin.
Creidim, i ndomhan eile, atá beagnach díreach mar a chéile le domhan s’againne, go bhfuil an scannán Dumbo atá tuillte againn faighte againn. Sa domhan eile sin, tá chuile rud atá go maith againne anseo go dona. Creidim gur tharla rud éigin aisteach le seachtain anuas, mar in áit an scannáin spraíúil le aisteoirí maithe agus le fís aonarach Tim Burton ann, fuair muid praiseach ón domhan eile, praiseach gránna ó Bim Turton; scannán leamh, agus aisteoirí nach bhfuil cumas ar bith acu.
Agus de réir mar a rinne mé mo mhachnamh faoi ba chéillí i bhfad an smaoineamh. Tá na gnéithe is measa ag chuile aisteoir léirithe anseo. Breathnaíonn Colin Farrell gur cuma leis sa diabhal faoi gach rud, ar nós mar a bhí sé in Alexander. Shílfeá gur shiúil Danny DeVito isteach sa scannán trí thimpiste agus go bhfuil drogall air a rá go bhfuil sé ag iarraidh imeacht. Tá Eva Green, lena súile atá lán le beocht go hiondúil, ar nós duine de na himreoirí cispheile i Space Jam nuair a bhíonn an chumas ar fad súite amach astu.
Aon rud ar chonaic mise Michael Keaton ann riamh, go dona nó go maith, ba léir go raibh sé ag obair go crua agus ag déanamh a dhíchill. Tá sé ag siúl trí an scannán seo leath ina chodladh, agus ag léamh na línte ó chartá mór bán taobh thiar den cheamara is cosúil.
Maidir leis na gasúir, níl dabht ar bith agam gur aisteoirí maithe iad Nico Parker agus Finley Hobbins, agus ní féidir liom fanacht iad a fheiceáil i scannáin amach anseo, seachas na róbónna beaga atá i Dumbo.
Bhí a fhios agam ar an bpointe go raibh an ceart agam gur scannán é seo ó dhomhan eile nuair a chuimhnigh mé ar an stiúradh. Is é an stiúradh an rud is suimiúla ar fad, mar in áit dathanna agus stíl speisialta Tim Burton, fuair muid fís a doppelgänger, Bim Turton, atá lán le gruamacht agus dorchadas.
Níl sé soiléir céard atá tarlú leath den am sa scannán, agus tá na cultacha agus an dearadh sean agus caite ag breathnú gan aon smaoineamh ná éagsúlacht iontu. Tá na héifeachtaí speisialta go hainnis, agus na rudaí ar cheart a bheith gleoite tá siad áiféiseach, na rudaí ar cheart a bheith scanrúil tá siad cineál brónach agus an scannán ar cheart a bheith suimiúil, tá sé leadránach.
Mar sin cinnte, is scannán é Dumbo ó dhomhan eile, agus tá súil agam go bhfuil an poll péiste sin amuigh sa spás ar thit sé tríd dúnta anois agus nach bhfaighidh muid aon rud mar é arís go deo.
Nó b’fhéidir go bhfuil mé mícheart i mo chuid teoiricí, agus gur ón domhan seo a tháinig an scannán seo agus tá sé díreach uafásach.