Eiseofar sna pictiúrlanna an deireadh seachtaine seo an chéad scannán Gaeilge ón scéim Cine4 – Róise & Frank. Taispeánadh an scannán cheana ag roinnt mhaith féilte scannán le cúpla mí anuas, Fleadh Scannán na Gaillimhe ina measc, agus bhí an-tóir go deo air.
Ghnóthaigh an scannán, atá suite i Rinn Ó gCuanach i nGaeltacht na nDéise, duaiseanna móra ag féilte éagsúla – an gradam don Ensemble is Fearr ag Féile Scannán Bhaile Átha Cliath agus ‘Rogha an Lucht Féachana’ agus Féilte Scannán Santa Barbara agus Sonoma araon.
Insítear in Róise & Frank scéal Róise, baintreach mná i Rinn Ó gCuanach, atá ag streachailt go mór le bás a fir céile Frank. Tá sí fós faoi bhrón agus í scoite amach óna muintir agus óna pobal. Díol sóláis agus suaimhnis di é an madra fáin a thagann chuici tamall i ndiaidh a bháis agus í den tuairim gurb é an madra Frank ina bheatha arís é. Is breá leis an madra spórt agus feoil, agus tá cathaoir ar leith is fearr leis sa teach. Ceapann a mac go bhfuil sí imithe as a meabhair ar fad, ach glacann an pobal leis go bhfuil Frank tar éis filleadh.
Is í Bríd Ní Neachtain atá sa phríomhról sa scannán, agus is é Cillian Ó Gairbhí atá i bpáirt mhac Róise, Alan. Feicfear sa scannán seo den chéad uair an t-aisteoir óg Ruadhán de Faoite as Rinn Ó gCuanach.
“Tá an-áthas orainn go mbeidh Róise & Frank le feiceáil i bpictiúrlanna na hÉireann san Fhómhar i mbliana. Thaitin scéal Róise, an mhadra agus na hiomána go mór leis an lucht féachana idirnáisiúnta, agus mar sin, tá súil againn go dtaitneoidh sé le lucht féachana na tíre seo chomh maith,” a dúirt Peter Murphy agus Rachael Moriarty, scríbhneoirí agus stiúrthóirí an scannáin.
Is é seo an dara scannán Gaeilge atá lonnaithe i nGaeltacht na nDéise a eisíodh le bliain anuas. Bhí an-tóir go deo ar an scannán An Cailín Ciúin a eisíodh san earrach. Murab ionann agus an scannán sin, áfach, rinneadh an scannánú do Róise & Frank i nGaeltacht na nDéise féin.
Beidh Róise & Frank sna pictiúrlanna ar fud na tíre Dé hAoine, 16 Meán Fómhair.