Scannán nua ‘Tolkien’

Tá a ainm ar eolas ag na milliúin de bharr na leabhar The Hobbit agus The Lord of the Rings ach is dócha nach bhfuil an oiread sin daoine ar an eolas faoi shaol J.R.R. Tolkien féin.

Ba mhian leis na comhlachtaí scannánaíochta Fox Searchlight agus Chernin Entertainment sin a athrú agus chuige sin tá beathscannán úrnua á fhorbairt acu faoin údar clúiteach fantaisíochta.

Agus is fear as Luimneach, David Gleeson (Cowboys & Angels, 2003), atá ag scríobh script an scannáin nua, ar a dtabharfar Tolkien, in éineacht le Stephen Beresford (Pride, 2014).

Á lua leis an phríomhról aisteoireachta faoi láthair tá an Sasanach Nicholas Hoult (thuas), a tháinig chun cinn ar dtús in About a Boy (2002) agus atá aitheanta anois ón tsraith X-Men.

Rugadh Tolkien féin sa Saorstát Oráisteach (anois mar chuid den Afraic Theas) sa bhliain 1892 agus bhog a theaghlach go ceantar Birmingham, Sasana nuair a bhí sé ina bhuachaill óg.

Throid sé sa Chéad Chogadh Domhanda agus bhí sé ina dhiaidh sin ina Ollamh le Béarla in Ollscoil Oxford.

Foilsíodh The Hobbit in 1937 agus tháinig The Lord of the Rings amach idir 1954 agus 1955.

Fuair sé bás in 1973.

Chinntigh na leaganacha scannáin den Hobad agus Tiarna na bhFáinní, a rinneadh faoi stiúir Peter Jackson, go n-áireofaí ainm Tolkien i stair na pictiúrlainne chomh maith.

Anois beidh deis ag Tolkien cur leis sin agus léargas a thabhairt ar shaol an fhir féin.

Níl an obair ach tosaithe ar fhorbairt an scannáin mar sin ní fios fós cá huair a bhfeicfear ar an scáileán mór é.

SCÉALTA EILE