Tá gearrscannán Gaeilge a rinneadh cúpla bliain ó shin á scaipeadh arís ar na meáin shóisialta agus an lucht féachana faoi gheasa ag an scéal gleoite grá a insítear in Chéad Ghrá.
Tá na déagóirí óga Dónall (Tadhg Moran) agus Colm (Brandon Maher) chomh mór le chéile le dhá cheann capaill ach nuair a chloiseann siad scéal scéil go bhfuil dúil ag comharsa leo, Lisa (Zena Donnelly), i nduine acu, baineann siad na sála dá chéile ag iarraidh í a mhealladh. Is géar í an iomaíocht ach ní mar a shíltear a bhítear agus fágann an casadh i ndeireadh an scéil nach gá go dtitfidh na cairde daingne amach le chéile ar chor ar bith.
Eisíodh an scannán den chéad uair in 2014 agus is iomaí gradam agus duais a bhuaigh sé i bhféilte scannán ar fud na hEorpa.