Scéal na réalta óige ceoil


Trí bliana ó shin tugadh misneach as an ghnáth do mhuintir na Palaistíne nuair a bhuaigh fear óg as Gaza an mórchomórtas tallainne teilifíse, Arab Idol.

Ní raibh Mohammad Assaf, amhránaí bainise a tógadh i gcampa teifeach, ach 23 bliana d’aois nuair a phléasc sé isteach ar scáileáin an domhain Arabaigh agus a thóg leis an chraobh os comhair breis agus 100 milliún duine.

Cé nár dhírigh sé an oiread sin ar chúrsaí polaitiúla le linn na sraithe, cháin sé forghabháil a thíre ag fórsaí Iosrael agus sa bhabhta deiridh chan sé an t-amhrán ‘Ali al-keffiyeh’ (Ardaigh an keffiyeh), rosc náisiúnach a d’iarr ar Phalaistínigh – lucht Hamas agus Fatah araon – an scairf thraidisiúnta dhubh agus bhán, an keffiyeh, a ardú san aer agus a theacht le chéile ar mhaithe lena dtír.

Ó shin i leith tá Assaf ina laoch ag muintir na Palaistíne ar fad agus tá a scéal spreagúil tar éis bheith curtha in oiriúint don scáileán mór i gcruth an ghnéscannáin, The Idol (Ya Tayr El Tayer).

Faoi stiúir ag an scannánóir clúiteach Palaistíneach Hany Abu-Assad, leanann The Idol saol Assaf ó laethanta a óige nuair a chothaigh a dheirfiúr, Nour, a chumas ceoil ar aghaidh go dtí an lá mór féin ag babhta ceannais an chomórtais tallainne.

Mar a bheifeá ag súil leis, ní aistear éasca a bhí ag Assaf chun dul chun cinn a dhéanamh agus go háirithe an Éigipt a bhaint amach le páirt a ghlacadh sa chomórtas, agus insítear a scéal le comhbhá, tuiscint agus greann.

Ní hamháin sin áfach ach cuireann Abu-Assad an teachtaireacht dóchais seo i gcomhthéasc crua polaitiúil agus sóisialta na Palaistíne, rud a dhéanann níos cumhachtaí go fóill é.


Osclaíonn The Idol (Ya Tayr El Tayer) san IFI i mBaile Átha Cliath agus sa QFT i mBéal Feirste Dé hAoine seo, 12 Lúnasa.

SCÉALTA EILE