Scéinséir Spáinneach & Manglehorn

La Isla Mínima (Marshland) – (15A)

Ina scannán deireanach, Unit 7, dhírigh an stiúrthóir Spáinneach Alberto Rodrigues ar a chathair dhúchais, Sevilla, agus scéinséir uirbeach den scoth an toradh ar a chuid oibre.

San iarracht is déanaí seo, ar scéal bleachtaireachta scríofa i gcomhpháirt le Rafael Cobos é, bogann sé go talamh riascach iargúlta i ndeisceart na hAndalúise.

Suite sna 1980í, nuair a bhí an tír ag dul i dtreo leagan den daonlathas tar éis Franco bheith i réim, leanann an scéal beirt bhleachtairí, Juan (Javier Gutierrez) agus a chomhghleacaí óg Pedro (Raul Arevalo) atá dírithe ar imeachtaí suaracha scanrúla an cheantair tuaithe.

Scéal ardteannais é seo ina dtéann beirt deirfiúracha ar iarraidh i ndiaidh fiesta bliantúil an bhaile.

La Isla Mínima luaite i measc na scannán Spáinnise is fearr i mbliana.

Bí ag súil le scéinséir den chéad scoth, sárthaispeántas ón chliar agus plota maith a bhfuil casadh láidir ann.


Manglehorn – (12A)

Mar a phléigh na scannáin Prince Avalanche agus Joe – na réamhtheachtaí ar an chuid dheireanach den triológ seo – díríonn Manglam ar cheist na fearúlachta agus ar na deacrachtaí a bhíonn ag fir agus iad ag dul in aois.

Glasaire is ea é Manglehorn, curtha i láthair ag Al Pacino, agus é dhá bhliain d’éag agus trí scór.

Gan mórán de chuideachta seachas a chat, nach n-itheann, an cúntóir bainc (Holly Hunter) a mbíonn sé ag cliúsaíocht léi uair sa tseachtain, a mhac (Chris Messina) nach gcuireann mórán spéise ann agus a ghariníon nach bhfeiceann sé go ró-mhinic, is furasta trua bheith agat dó.

Má thaitníonn saothair le David Gordon Green leat bainfidh tú sult as Manglehorn ach don ghnáthdhuine atá ag súil le huair a chloig nó dhó de shiamsa sa phictiúrlann, téigh le La Isla Mínima.

SCÉALTA EILE