Tháinig The Substance le Coralie Fargeat amach le déanaí agus tá gach duine ag caint agus cadráil faoi Demi Moore, atá i mbarr a réime sa scannán seo. Go pearsanta, bhíos ag fanacht leis seo: scannán a dhéanann imscrúdú ar an tóir ar fhoirfeacht fhisiciúil. Déantar ar shlí ghnéasach shiamsúil chomhaimseartha é sa scannán seo.
Is stiúrthóir mná, Coralie Fargeat as an bhFrainc, a stiúir The Substance. Táim tar éis agallamh nó dhó a fheiscint le Moore agus nuair a fiafraíodh di an scannán a dhéanamh, d’fhreagair sí nár tharraing sí aon chosúlachtaí idir í féin agus an carachtar ar an scáileán. N’fheadar, ní chreidim é sin go hiomlán. Bhí Demi Moore ag cruthú slí bheatha iontach di féin in Hollywood i rith na 80idí agus na 90idí. Ansin tharla an rud ba mheasa a d’fhéadfadh tarlú do bhean in “Tinseltown”. D’éirigh sí críonna.
Seo an t-aisteoir a thug taispeántas ana-ghnéasach dúinn sa scannán Striptease (1996). Mura bhfuil ‘Striptease’ feicthe agat, mar a shílfeá ón teideal, is faoi bhean a thosnaíonn ag struipeáil é. Is máthair shingil í Erin. Tá a hiníon faoi chúram a hiarfhir chéile. Tosaíonn Erin ag struipeáil chun airgead a shábháil chun an cás a throid sa chúirt.
Agus mé i mbun ‘taighde’ don alt seo, tháinig mé ar fhíseán di agus í ar an Late Show with David Letterman. Bhí Moore i mbun fógraíochta do Striptease. Ag pointe áirithe san agallamh, sheas sí agus thosnaigh sí ag baint di formhór a héadaí. Bhí sí ina seasamh ag deasc Dave agus í ina fobhríste. Ansan thosnaigh sí ag bogadh… ag damhsa, saghas. Blas den damhsa a rinne a carachtar in Striptease is dócha.
“You look lovely,” a dúirt Dave. Is aisteach, míchompordach é mar eachtra. Bhí a corp á úsáid aici chun aird a tharraingt uirthi féin agus ar an scannán. Bheadh sé suimiúil a fháil amach, áfach, arbh í Moore a chuimhnigh ar an ngimic áirithe sin?
Le blianta beaga anuas, tá mná ag tuilleamh airgid as a gcorp agus chun an fhírinne ghlan a rá leat, níl aon fadhb agam leis sin. Bhí roinnt daoine ag caitheamh anuas ar Lily Allen le déanaí toisc go raibh sí ag tuilleamh go leor airgid óna leathanach OnlyFans. Chuaigh sí ar na meáin shóisialta agus seo a bhí le rá aici faoin eachtra ar fad: “Don’t hate the player, hate the game.” Tabhair duine éigin duais d’Allen.
Níor scríobh mná na rialacha don chluiche seo, ba iad fir a chum na treoirlínte. Táim go hiomlán i bhfabhar mná ag glacadh úinéireachta ar a gcorp féinig chun airgead a thuilleamh. Dá bhféadfainn íoc as mo shaoire go Maracó nó as turas ar Altogether Now trí roinnt pictiúr de mo chosa a dhíol ar OF, bheinn á dhéanamh sin. Gan amhras, cinnte, gan dabht.
Sa lá atá inniu ann, tá srianta ar chearta na mban maidir lena gcorp in go leor tíortha. Mar shampla, tá ciorrú ball giniúna ban ar siúl i roinnt tíortha go fóill. Cuimhnigh air sin. Má tá mná ábalta a gcorp a úsáid mar tháirge agus smacht acu ar gach gné den ghnó ó thus deiridh, nílimse chun breithiúnas a dhéanamh orthu. Maith thú a Lily, lean ort.
Ar aon nós, is dócha go raibh paisean ag Moore don scannán The Substance mar insíonn sé a scéal féin ar bhealach. Cuireann Elizabeth Sparkle (ainm iontach) clár teilifíse i láthair; seó aclaíochta atá ann agus baintear preab aisti nuair a chailleann sí a post ar a caogadú breithlá. Tá Elizabeth i bponc agus ceannaíonn sí an ‘tsubstaint’ go mídhleathach. Tógtar an tsubstaint mar instealladh. Cruthaíonn an tsubstaint leagan d’Elizabeth atá óg, bríomhar, foirfe – Sue. Seo carachtar Margaret Qualley.
Cuireann an scannán seo ceisteanna maithe os ár gcomhair faoi fheiceálacht na mban níos sine sna meáin agus faoi na rudaí a mbaineann daoine triail astu chun cuma na hóige a chur orthu féin arís. Tá scrúdú á dhéanamh ar an mbéim dhamanta ar fhoirfeacht aeistéitiúil freisin. Tá teachtaireacht an scannáin seo ábharthach. Sa lá atá inniu ann, is tionscal í ‘an áilleacht’ atá ag fás ó thalamh. Idir Ozempic, máinliacht chosmaideach, agus instealltaí, níl aon teorainn leis na roghanna maidir le feabhsú aeistéitiúil.
Le linn mo ghnáthsheisiúin botox le déanaí, dhein mo chailín iarracht cóireáil a dhíol liom ina raibh speirm bhradáin inti. Sea, níl dul amú ort, speirm bhradáin! Bheadh uirthi an speirm bhradáin a thabhairt dom mar instealladh, díreach isteach i m’aghaidh. Anois táim uallach, a léitheoirí dhil, ach speirm bhradáin a chur díreach isteach trí mo chraiceann ar m’aghaidh…iomarcach, fiú domsa!
Uaireanta mothaím gur láthair chatha é mo chorp. Bím i gcónaí ag troid ina aghaidh. Tá mo chorp ag éirí níos sine go nádúrtha agus táim de shíor ag cur brú air a bheith níos lú, níos láidre, níos matánaí. Táim ag snámh i gcoinne na taoide agus tógann sé a lán fuinnimh. Tá sé réabhlóideach mar smaoineamh ach b’fhéidir go bhfuil áilleacht ar leith ag baint lenár gcorp agus iad ag dul in aois. Díreach ar nós Elizabeth Sparkle, beidh orm m’uirlisí troda a chur uaim agus glacadh leis an bhfíric go bhfuilim ag dul in aois. Ag pointe áirithe sa saol, faraor, ní bheidh aon speirm bhradáin ná substaint dhraíochta le cabhrú le mo chorp a choimeád óg.