Seans gurb é seo an ‘Ocean’s’ is fearr ó bhí an chéad cheann ann

Tá sé ródheas sa tír seo faoi láthair le fanacht suite sa mbaile os comhair mo ríomhaire glúine, mar sin chuaigh mé amach faoin ngrian leis an léirmheas seo a scríobh. Ach bhí sé chomh te agus geal sin go raibh orm áit éigin a lorg a bhí fuar, dorcha agus a dhíol Sprite. Mar sin, táim i mo shuí in óstán deas galánta, ag ól 7up ó ghloine atá i bhfad ró-ornáideach agus místuama do 7up.

Tá ceol ag casadh do na cuairteoirí éagsúla atá san óstán — leaganacha snagcheoil d’amhráin Elton John. Tá an fhuaim go deas agus thug mé faoi deara gur amhráin Elton John a bhí iontu cé nach raibh mé ag díriú air. Agus ritheann sé liom anois gur cur síos beacht é sin ar an scannán Ocean’s 8. Rud taitneamhach le bheith ar siúl sa gcúlra agus cé go bhfuil cuma dhifriúil air, is cinnte gur scannán Ocean’s é agus b’fhéidir an Ocean’s is fearr ó bhí an chéad cheann ann.

Má tá aon chuid de na scannáin Ocean’s le George Clooney feicthe agat, tá an scéal mórán mar a chéile in Ocean’s 8. Sa scannán seo tosaíonn muid le Debbie Ocean (Sandra Bullock) agus í díreach scaoilte saor ón bpríosún agus plean aici le diamaint a ghoid ón bhféile Met.

Caithfidh sí foireann coirpeach a chur le chéile lena cara Lou (Cate Blanchett), ina measc an haiceálaí Nineball (Rihanna) agus an dearthóir gúna Éireannach Rosie Weil (Helena Bonham Carter). Breathnaigh, díreach lena rá luath seachas mall, tá canúint Bonham Carter uafásach, agus chuir sé as go mór dom ar dtús nach bhfuair siad aisteoir Éireannach, ach anois agus mé ag smaoineamh air, bhí canúint uafásach Shasanach ag Don Cheadle sna scannáin eile, mar sin is dóigh gur cuid de sheanchas na sraithe seo anois go gcaithfidh siad aisteoir a fháil le canúint áiféiseach a dhéanamh i chuile scannán.

Tá an aisteoireacht go maith den chuid is mó, seachas sin, go háirithe idir Bullock agus Blanchett. Chuir an anonn is anall eatarthu Clooney agus Pitt sa chéad scannán i gcuimhne dom agus bhain mé go leor taitnimh as sin, agus cé go dtagann James Corden isteach ag deireadh an scannán, níor chuir sé saighleam orm, agus sin éacht ann féin.

Faraor, níl mórán croí sa scannán seo, agus d’airigh mé ar nós go ndearna feidhmeannaigh an stiúideo é seo in áit stiúrthóir agus scríbhneoir a raibh a bhfís féin acu a aimsiú, cineál ar nós Jurassic World: Fallen Kingdom an tseachtain seo caite. Mar sin féin, bhain mé níos mó taitnimh as an scannán seo ná an ceann sin, agus má tá an lá róthe duit agus mura bhfuil tú ag iarraidh scannán atá ródhúshlánach a fheiceáil, caith súil ar Ocean’s 8.

SCÉALTA EILE