Má bhí cumha ort i ndiaidh oícheanta istigh ag ithe seacláide, ag éisteacht leis an scéal is déanaí faoi shaol grá Carrie nó ag fáil amach faoi eachtraí leapa Samantha, tá an fanacht thart mar tá cailíní na sraithe teilifíse Sex and the City ag teacht chuig an scáileán mór ag deireadh na míosa.
Nuair a chríochnaigh an tsraith is déanaí bhí lucht féachana Sex and the City sásta go leor ach, ag an am céanna, bhí tuilleadh uathu agus sin díreach atá le fáil sa scannán seo.
Ar an ábhar nach raibh réamhthaispeántais iomlána i SAM, nó áit ar bith eile, tá na criticeoirí ar fad ciúin faoin saothar ach is léir ón réamhbhlaiseadh go bhfuil cúpla cor sa scéal, an ceann is mó ná go bhfuil pósadh Carrie (Sarah Jessica Parker) agus Mr Big – a bhfuil John James Preston air i ndáiríre – curtha ar ceal.
Michael Patrick King, a stiúir an tsraith, atá ar ais mar stiúrthóir agus léiritheoir ar an leagan mórscáileáin mar sin is féidir bheith ag dreim le tuilleadh den stuif céanna nuair a bhuaileann an scannán grá grinn seo pictiúrlanna na tíre.